D’fhéadfadh níos mó aclaíochta thú a thabhairt níos gaire don Spiorad Ceilteach. Is féidir teacht isteach ar scil nua nó taitneamh a bhaint as an imeacht is fearr leat agus cúlra spreagúil taobh thiar díot. Idir pheidléireacht agus lapaireacht, tá siad ar fad ar fáil anseo. Cairtfhostaigh bád agus foghlaim an slatiascaireacht farraige i gCill Mhantáin. Gabh ag céaslóireacht sa Teifi, tríd an tuath in Ceredigion agus Carmarthenshire. Foghlaim surfáil as Gaeilge i bPort Láirge nó bain triail as a bheith ag spaisteoireacht ar an gcósta in Pembrokeshire, an áit inar tosaíodh í. Cuir campa eachtraíochta in áirithe i Loch Garman nó bain súp as na radhairc agus tú ag aimsiú amais i gCill Mhantáin. Gabh ag surfáil i Muir Éireann nó gabh ag marcaíocht sna Sléibhte Caimbriacha.