POLASAÍ MAIDIR LE FIANÁIN

POLASAÍ MAIDIR LE FIANÁIN

POLASAÍ MAIDIR LE FIANÁIN

Tá meas ag Carmarthenshire County Council ar do chuid sonraí agus tá do phríobháideachas tábhachtach dúinn. 
Is é an seoladh atá againn ná County Hall, Carmarthen, Wales SA31 1JP.  Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chomh maith trí ríomhphost a sheoladh ag tourism@carmarthenshireshire.com. Seol ríomhphost chugainn má bhíonn aon cheist agat maidir le cosaint sonraí.

Cén fáth a mbainimid úsáid as fianáin agus teicneolaíocht den chineál céanna?
Bainimid úsáid as fianáin agus teicneolaíocht den chineál céanna, ar nós clibeála, ionas go n-oibreoidh ár láithreán gréasáin (lena n-áirítear an láithreán soghluaiste) ar bhealach níos fearr. Trí úsáid a bhaint as fianáin agus teicneolaíocht den chineál céanna, is féidir feidhmeanna a chur i gcrích agus ábhar a chur in oiriúint.

Cad is fianán ann agus cad a dhéanann sé?
Téacschomhad beag is ea fianán a bhíonn ar thaobh na láimhe deise ar do ghaireas nó ar do bhrabhsálaí agus a chuidíonn le sreabhadh faisnéise agus le feidhmiúlacht. Bainimid úsáid as fianáin chun tacú leis an bpríomhláithreán gréasáin, leis an láithreán soghluaiste agus leis an aip.  Mar shampla, cuidíonn roinnt fianán le slándáil an láithreáin nó cuireann said eolas ar fáil chun cuidiú linn feabhas a chur ar an láithreán.  Is féidir le fianáin áirithe ábhar a chur in oiriúint. Cuireann gach fianán faoi leith gníomh faoi leith i gcrích.


Mar shampla, tá fianáin in ann eolas ginearálta a chur ar aghaidh maidir leis an úsáid a bhaintear as an láithreán nó an aip. Is féidir úsáid a bhaint as an eolas sin chun an láithreán nó aip a chothabháil nó a fheabhsú.  Ní ghabhann na fianáin seo do chuid sonraí pearsanta agus ní bheimis in ann daoine a aithint ón eolas.  Ní dhéanann siad ach uimhreacha a logáil agus eolas grúpáilte a chur ar fáil maidir le nascleanúint timpeall an láithreáin nó na haipe – cuireann sé sin ar an eolas muid cibé an bhfuil daoine in ann a bhfuil siad a chuardach a aimsiú nó nach bhfuil.


Tá fianáin eile ann a choinníonn eolas ó leathanach amháin go leathanach eile, ionas nach gá duit an t-eolas a chur isteach arís eile.  Tugtar fianáin “seisiúin” orthu seo.  Tugtar fianáin “seasmhacha” ar fhianáin a chuimhníonn ar nithe ar feadh tréimhse níos faide, ó chuairt amháin ar láithreán gréasáin go dtí an chéad chuairt eile.  Is féidir le fianáin sheasmhacha nithe a dhéanamh ar nós cuimhneamh ar shainroghanna agus ábhar a athrú lena chur in oiriúint duit (oiriúnú).

Cad is fianáin céad agus tríú páirtí ann?
Is féidir le páirtithe éagsúla fianáin a sheoladh. Más ónár láithreán féin a thagann an fianán, is fianán céad pháirtí atá ann.  Má thagann sé ó láithreán eile, ar nós ár soláthraithe nó ár gcomhpháirtithe gnó, is fianán tríú páirtí atá ann, atá roghnaithe go sonrach againn chun seirbhís a chur ar fáil, ar nós cuairt níos oiriúnaithe.

An gcaithfidh mé glacadh le Fianáin?
Féadfaidh tú diúltú d’fhianáin; ach má dhiúltaíonn, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar mar a oibríonn an láithreán nó an aip.  Cuidíonn fianáin lenár láithreáin agus aip oibriú i gceart agus déanann said d’eispéireas a chur in oiriúint. Beidh tú in ann na láithreáin agus an aip a bhrabhsáil gan fianáin ach beidh roinnt den bhunfheidhmiúlacht, sainroghanna agus gnéithe áirithe nach bhfeidhmeoidh.

Trí ghlacadh le fianáin, tugann tú cead dúinn d’eispéireas a fheabhsú agus eolas a choinneáil fút, rud a d’fhéadfadh d’eispéireas a chur in oiriúint. Chun do chomhthoiliú a tharraingt siar, is féidir leat diúltú d’fhianáin nó iad a scriosadh. Féach ar an mír D’fhianáin a Bhainistiú thíos chun eolas a fháil faoi mar is féidir leat do chuid socruithe brabhsálaí a athrú.

Comhthoiliú
Trí chomhthoiliú a thabhairt i leith gach fianán aontaíonn tú gur féidir linne agus na tríú páirtithe ar leith san fhógra seo úsáid (mar a dhéantar cur síos uirthi san fhógra seo) a bhaint as na sonraí a bhailítear ag na fianáin dá dtugann tú cead ina leith. Mura n-aontaíonn tú, féadfaidh tú do chomhthoiliú a tharraingt siar am ar bith trí d’fhianáin a bhainistiú sna naisc thíos. Ní áireofar leis sin ‘Fianáin Bhunriactanacha’ a bhfuil gá leo le go bhfeidhmeoidh an láithreán seo. 

D’fhianáin a Bhainistiú
Is féidir leat bainistiú a dhéanamh ar do chuid socruithe i ndáil le fianáin tríd an nasc seo a leanúint nó trí shocruithe i do bhrabhsálaí a bhainistiú. Tá tuilleadh eolais maidir le fianáin ar fáil ar láithreáin gréasáin sheachtracha ar nós www.aboutcookies.org.

Nílimid freagrach as ábhar ná as fianáin ó láithreáin gréasáin sheachtracha.  Má leanann tú nasc ónár láithreán chuig láithreán tríú páirtí, beidh a gcuid fógraí féin acu maidir le príobháideachas agus fianáin.
Cuimhnigh le do thoil go bhféadfaí teorainn a chur le feidhmiúlacht agus láithreáin a chosc de bheith ag feidhmiú i gceart má déanann tú fianáin a theorannú nó a dhíchumasú.

Cá fhad a mhaireann fianáin?
Maireann fianáin éagsúla ar feadh tréimhsí ama éagsúla. Maireann fianáin neamhbhuana ar feadh na tréimhse ama ina dtugtar cuairt ar láithreán gréasáin.  Coinnítear eolas ó leathanach amháin go leathanach eile ionas nach gá duit an t-eolas sin a chur isteach arís.
Is ar do bhrabhsálaí a bhíonn fianáin sheasmhacha agus d’fhéadfaidís maireachtáil ar feadh bliana nó go dtí go scriosfaidh tú iad.  Is féidir leo oiriúnú a dhéanamh ar an láithreán agus eolas a choinneáil gach uair a thugann tú cuairt ar an láithreán.   Bainimid úsáid astu chun breathnú ar an gcaoi a mbaineann daoine úsáid as an láithreán.   Cuidíonn sé sin linn an láithreán a athrú agus a fhorbairt agus d’eispéireas ar an láithreán a fheabhsú.

Cé hiad na cineálacha éagsúla fianán a mbaineann an láithreán úsáid astu agus cén fheidhm atá leo?
Cuireann cineálacha éagsúla fianán nithe éagsúla i gcrích.  Bainimid úsáid as na fianáin seo a leanas ar ár láithreáin gréasáin agus aipeanna.

 

Tacaíonn Fianáin Bhunriachtanacha lenár láithreán gréasáin. Tá siad bunriachtanach le go mbeidh tú in ann bogadh ó áit go háit ar ár láithreán gréasáin agus úsáid a bhaint as na gnéithe atá air.

Bailíonn Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta eolas anaithnid faoi mar a bhaineann daoine úsáid as an láithreán gréasáin nó an aip agus cuidíonn sé sin linn iad a fhorbairt. Is féidir linn a fháil amach an bhfuil daoine in ann nithe a aimsiú go héasca agus feabhas a chur le nascleanúint timpeall an láithreáin.

Cuimhníonn Fianáin Feidhmiúlachta ort nuair a fhilleann tú ar an láithreán nó aip agus ar na roghanna a rinne tú le linn cuairteanna roimhe seo, ar nós na cuardaigh a rinne tú.

Cad is teicneolaíocht den chineál céanna ann?
Oibríonn clibeáil ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a oibríonn fianáin.  Bainimid úsáid as clib ar a dtugtar picteilín.  Íomhá is ea picteilín agus nuair a dhéantar é a leabú i ríomhphost cruthaítear nasc le comhad atá stóráilte ar ár bhfreastalaí gréasáin, rud a chuireann ar ár gcumas an méid spéise atá ag custaiméirí inár láithreán gréasáin a chinneadh.   Is féidir rabhcáin a thabhairt ar chlibeanna freisin. Cuireann said sin ar ár gcumas féachaint cé hiad na promóisin is díol spéise lenár gcustaiméirí, agus más díol spéise leat féin ceann faoi leith.