Gealltanas Ceilteach

Agus mé ag taisteal ar Bhealaí na gCeilteach:

Rachaidh mé sa tóir ar eachtraí,

Ach beidh mé ullamh i gcomhair gach cineál aimsire agus teagmhais.

Úsáidfidh mé iompar poiblí nuair is féidir,

Agus smaoineoidh mé ar dhaoine eile agus mé ag taisteal ar mo chonlán féin.

Déanfaidh mé iniúchadh ar an dúlra,

Ach coinneoidh mé fad dóthanach uaidh d’fhonn é a chosaint.

Caomhnóidh mé an t-am atá thart,

Agus ní thógfaidh mé aon rud nach liom é.

Cosnóidh mé an t-am i láthair,

Agus ní fhágfaidh mé aon rud i mo dhiaidh a mbeidh ar dhaoine eile é a ghlanadh suas.

Leanfaidh mé lorg na gCeilteach ársa,

Ach ní fhágfaidh mé lorg de mo chuid féin.

**Sign the pledge**

**Make your promise to us by signing our pledge. Encourage your friends to do the same.**

**Please sign the pledge on the line with your finger or mouse**

Tá gealltanas tugtha acu cheana féin - aire a thabhairt dá chéile agus don talamh álainn seo