Tá Seanoirthear na hÉireann agus Iarthar na Breataine Bige lán d’áiteanna iontacha le bia agus deoch. Áiteanna a chuireann blaiseadh ceart d’Éirinn agus den Bhreatain Bheag ar fáil. Tugann an chuid seo den Bhailiúchán Taithí Ceiltí níos gaire don Spiorad Ceilteach thú trí scéal ár mbia agus ár ndí a insint agus an comhábhar a dhéanann taithí speisialta di. Is féidir tóraíocht agus an béaloideas a chur le chéile i Loch Garman, Nó féasta a aimsiú ar Chósta Carmarthenshire agus do chuid a réiteach ar an trá. Is féidir jin a dhéanamh agus a bhlaiseadh in Ceredigion nó an chúis arb é Cill Mhantáin gairdín na hÉireann a fháil amach.