Marloes Sands

Marloes Sands

An Bhreatain Bheag Pembrokeshire

Ní gach duine atá sásta siúl leathmhíle síos na haille ón gcarrchlós go dtí an trá seo atá go hiomlán gan áiseanna. Ach is é sin an fáth gur áit speisialta é Marloes Sands. Is fiú an tairbhe an trioblóid agus 1.5km de thrá ghaineamhach neamhphlódaithe romhat, í breac le túir ghaineamhchloiche ina seasamh i linnte lag trá, iad lán le héisc bheaga agus ribe róibéis. Tá radharc álainn ar oileáin Skokholm agus Gateholm. Tá an gaineamh réidh cothrom oiriúnach do chluichí trá agus is féidir dul ag surfáil san uisce glan (ach seachain na sruthanna cuilitheála). An dúlra féin a chuireann an tsiamsaíocht uile ar fáil anseo.