Aberystwyth

Ceredigion

An Bhreatain Bheag Ceredigion

Ciallaíonn Aberystwyth, ‘Béal Abhainn Ystwyth’ agus tugtar ‘Aber’ mar leasainm air. D’fhéadfá a rá gurb é príomhchathair Cheilteach na Breataine Bige. Is baile ollscoile é agus is ann atá Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, i bhfoirgneamh mórthaibhseach ag breathnú amach ar an mbá, ar dhún cnoic ársa agus ar fhothracha caisleáin. Tá an tIonad Ard-Léinn Bhreatnaise agus Cheiltigh san fhoirgneamh céanna agus reáchtáiltear taispeántais, cainteanna agus turais rialta ann lena dtugtar deis breathnú thart ar na cartlanna agus bailiúcháin ollmhóra. Is áit thábhachtach é Ionad Ealaíon Aberystwyth chun teanga agus cultúr na Breataine Bige a léiriú i ngach foirm ealaíne, ina measc amharclannaíocht, damhsa, ceol, na hamharc-ealaíona, scéalaíocht agus greann.