An raibh a fhios agat go bhfuaireamar Oíche Shamhna ó na Ceiltigh a bhíodh ann fadó?  D’eascair an fhéile reiligiúnach phágánach seo, ar a dtugtar Samhain a chiallaíonn ‘deireadh an tsamhraidh’ sa tsean-Ghaeilge, ó thraidisiún spioradálta Ceilteach a ceiliúradh ón 31ú Deireadh Fómhair go dtí an 1ú Samhain. Ba í Samhain deireadh na Bliana Ceiltí agus tús bliana nua. Chreideadar gur idirthréimhse a bhí ann, nuair a briseadh na bacainní idir an domhan fisiceach agus an domhan spioradálta, sa chaoi go raibh níos mó idirghníomhaíochta acu leis an ‘saol eile’.

Ach ní hamháin go bhfuil miotais agus finscéalta taibhsiúla maidir le hOíche Shamhna ag baint le Bealaí na gCeilteach, ach tá scéal taibhsiúil ag baint le beagnach gach mí den bhliain… léigh ar aghaidh chun níos mó a fhoghlaim.

Seomra Adhlactha Pentre Ifan

Sir Benfro, an Bhreatain Bheag

Áit an-spéisiúil is ea an chromleac mheigiliteach seo, a shainmhínítear mar struchtúr a tógadh go sonrach mar thuama cloiche.

Tá seomra adhlactha Pentre Ifan, in aice le Casnewydd (Sir Benfro) tógtha de na Clocha Gorma céanna ó Preseli a úsáideadh ina ‘dheartháir mór’ ag Stonehenge agus tá an rúndacht chéanna ag baint leo araon maidir lena bhfíorchuspóir.

Meastar go coitianta gur seomra adhlactha comhchoiteann é, ach ní bhfuarthas aon rian de chnámha anseo riamh.

Rud níos aistí fós, insíodh scéalta ón mbéaloideas Ceilteach faoi na sióga ag Pentre Ifan. Deirtear go bhfacthas iad ag damhsa ar chlocha Pentre Ifan le linn uaireanta clapsholais agus solas gealaí an tsamhraidh. Deirtear go mbíonn na “daoine córa” mar a thugann finnéithe orthu le fáil i ngach áit mórthimpeall orainn.

tuilleadh a fháil amach

Dinefwr

Sir Gaerfyrddin, an Bhreatain Bheag

Eastát fíorálainn 800 acra is ea Dinefwr agus tá áit thábhachtach ag aige i stair na Breataine Bige. Deirtear go bhfuil teach Newton, atá suite laistigh den eastát, á áitiú ag duine a fuair bás na céadta bliain ó shin…

Deirtear go mbíonn taibhse mná óige le feiceáil sa dún atá suite ar bharr cnoic os cionn Ghleann iontach Tywi. Ceaptar gur deirfiúr nó col ceathrar le bean an tí sna 1720idí ab ea an Bhantiarna Elinor Cavendish. Cuireadh iallach uirthi fear nár thug sí grá dó a phósadh, sa deireadh thiar rith sí uaidh agus chuaigh ar lorg dídine óna teaghlach i dTeach Newton. Bhí straidhn bhuile ar a fear céile. Lean sé í go dtí an teach agus thacht sé í…

Deirtear go mbíonn sí ag siúl fós sna hallaí.

tuilleadh a fháil amach

Droichead an Diabhail

Ceredigion, an Bhreatain Bheag

Síneann trí dhroichead ar leithligh a tógadh os cionn a chéile idir an 11ú agus an 19ú haois thar na heasanna atá 90m ar airde. De réir an fhinscéil, thóg an Diabhal féin an droichead bunaidh mar gur measadh gur tasc ródheacair a bheadh ann do dhaoine.

 Tosaíonn an scéal le seanbhean ar b’éigean di dul thar ghleann domhain Mynach chun a bó a fháil ar ais ó thaobh thall na habhann Thairg an Diabhal droichead a thógáil di ar choinníoll go nglacfadh sé seilbh ar anam an chéad rud beo a thrasnódh é. Thoiligh an tseanbhean don socrú agus thóg an Diabhal an droichead.

Sular thrasnaigh sí an droichead, thóg an tseanbhean seanchrústa as a naprún agus chaith sí i dtreo na bó é ar an taobh eile den droichead. Rith a madra ocrach go fonnmhar ina dhiaidh agus cé go raibh an Diabhal, ag súil go bhfaigheadh sé anam na seanmná, fuair sé anam an mhadra bhoicht.

tuilleadh a fháil amach

Cé Phort Láirge

Éire

Tá sé ráite ag a lán daoine go bhfacadar taibhsí ag sean-Ché Phort Láirge. Tá stair mhuirí fhada ag Port Láirge féin ó bhunaigh na Lochlannaigh é sa 10ú haois.

Thuairiscigh go leor daoine go bhfaca siad taibhsí mairnéalach agus longa ó am i bhfad ó shin.

Deir fear áitiúil, nach mian leis go luafaí a ainm, gur mhian leis radharc síceach a bheith aige ar an saol eile, agus gur bheartaigh sé a bheith ag faire ar feadh na hoíche tar éis dó ráflaí leanúnacha a chloisteáil faoi eachtraí taibhsiúla. Dheimhnigh sé go bhfaca sé fíoracha longa arda agus figiúirí scáthaithe ó thréimhse i bhfad ó shin ach d’áitigh sé ar dhaoine gan iarracht a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis na fíoracha a bhíonn ag imeacht ar feadh na Cé.

tuilleadh a fháil amach

An Dearg Dua ó Phort Láirge

Éire

Tá go leor scéalta faoi vaimpírí in Éirinn agus tugtar an Dearg Dua ar cheann de na créatúir is scanrúla. Ciallaíonn an téarma ‘Tart Dearg’.

Na céadta bliain ó shin sa cheantar a dtugtar Port Láirge air anois, bhí bean óg álainn a thug grá a croí d’oibrí feirme agus bhí pleananna déanta acu pósadh. Ar an drochuair dóibh, níor thug a hathair grá do rud ar bith ach airgead agus mar sin chuir sé iallach uirthi cleamhnas a dhéanamh le fear saibhir a bhí i bhfad níos sine ná í.

Fear cruálach ab ea an fear a phós sí agus choinnigh sé í faoi ghlas i dtúr go dtí go bhfuair sí bás - thóg muintir an tsráidbhaile a corp agus d’adhlaic siad í in áit a dtugtar Crann Richard de Clare (Strongbow) air anois.

Bhí sean-nós in Éirinn ag an am carn ard cloch a chur ar uaigheanna na ndaoine a fuair bás go deireanach chun nach bhféadfaidís éirí arís, ach ar chúis éigin, ní dhearnadh é sin oíche a hadhlactha…

Deirtear gur éirigh a spiorad agus lorg sí díoltas orthu siúd a scrios ar a saol. Théadh spiorad na mná óige sa tóir ar fhir óga, mhealladh sí iad lena háilleacht sula n-ólfadh sí a gcuid fola.

tuilleadh a fháil amach

Teach Solais Rinn Duáin

Loch Garman, Éire

Maidir le tithe solais, níl stair níos faide ag aon cheann acu ó thaobh lucht na farraige a chosaint ná teach solais Rinn Duáin. Tá sé suite le breis agus 800 bliain ar Leithinis Rinn Duáin agus is é an teach solais is sine ar domhan atá fós ag obair. Deirtear go mbíodh tine solais á lasadh ann ag manaigh mar rabhadh ón séú haois, ach creidtear gur thóg an ridire cumhachtach William Marshall an teach solais atá ann inniu i lár na 13ú haoise chun longa a threorú chuig a chalafort i Ross Mhic Thriúin.

Ó tá stair chomh saibhir aige ní aon ionadh go bhfuil scéalta osnádúrtha ag baint leis…

Scríobh go leor cuairteoirí gur airigh siad rud éigin an-aisteach sa teach solais. Deirtear go bhfuil taibhse William Marshal féin sa teach solais agus é ag faire amach i gcónaí ar an bhfarraige.

tuilleadh a fháil amach

Ceann Bhré

Chill Mhantáin, Éire

Tá cáil ar Chontae Chill Mhantáin mar gheall ar a chosáin siúil, agus tá cosán an chósta ó Bhré go dtí na Clocha Liatha ar cheann de na cinn is fearr. Mar sin féin, baineann scéal cosúil le scéal Romeo agus Juliet le háit ar a dtugtar Léim an Leannáin i nGleann na Deargaile, atá suite ar feadh an chosáin siúil.

Deirtear go mbíonn taibhse na mná ciaptha le feiceáil gach bliain ar an 21 Meitheamh. Bhí sise mídhílis dá leannán agus d’fhulaing seisean bás róluath toisc go raibh a chroí cloíte ina chliabh. Deirtear gur shuigh sí ag a uaigh ar feadh roinnt laethanta sular mharaigh sí í féin trí léim a chaitheamh ón gcarraig isteach sna huiscí suaite thíos…

tuilleadh a fháil amach