Ceann Bhré

Ceann Bhré

Éire Cill Mhantáin

Tá aithne ag daoine ar Chontae Chill Mhantáin as na conairí siúil ann agus is ceann de na cinn is fearr é an cosán cois farraige ó Bhré go dtí na Clocha Liatha. Siúlóid aille 7km é a ritheann le taobh an iarnróid Bhaile Átha Cliath-Loch Garman, a tógadh sa 19ú haois. An dream a thóg an t-iarnród a thóg an cosán, d’fhonn uirlisí agus ábhair a thabhairt chuig an líne iarnróid. Chruthaigh siad ceann de na siúlóidí aille is áille ar an gcósta thoir chomh maith. Is féidir an cosán a ghabháil ó Bhré go dtí barr Cheann Bhré, chun radhairc den chéad scoth a fháil ar Bhré, ar Oirthuaisceart Chill Mhantáin  agus ar Bhá Bhaile Átha Cliath, agus ar Ó Cualann, an sliabhraon máguaird.