Glasbhealach Phort Láirge

Glasbhealach Phort Láirge

Éire Port Láirge

Glasbhealach Phort Láirge

Tuilleadh eolais a fháil

Tá conair easbhóthair rothaíochta agus siúlóide 46km ar fhad déanta den iarnród a bhíodh ag dul idir Cathair Phort Láirge agus Dún Garbhán. Má ghabhann tú an chonair seo, rachaidh tú thar 11 dhroichead, 3 tharbhealach agus trí thollán 400 méadar ar fhad. Tá go leor le déanamh agus le feiceáil ar an mbealach freisin. Tá an lonnaíocht Lochlannach ón 9ú haois ag Baile na Coille, na gairdíní ornáideacha ag Bruachaill a bhfuil cáil ar fud an domhain orthu, agus Iarnród Oidhreachta Phort Láirge agus Gleann na Siúire. Nó is féidir leat díreach sult a bhaint as an tírdhreach álainn agus tú ag dul thar bhráid, mar shampla an tSiúir, Sléibhte an Chomaraigh, Cósta an Chopair agus Bá Dhún Garbhán.