Tá i bhfad níos mó i gceist le Bealaí na gCeilteach ná liosta áiteanna chun cuairt a thabhairt orthu. Taobh thiar de gach áit tá scéal - agus taobh thiar den scéal sin tá aghaidh. Ní bhíonn aghaidheanna áirithe le fáil ach i bhfocail na miotas agus na finscéalta, is féidir cinn eile a fháil i gcló nó ar scáileán. Tá cuid againn sean go leor le gur féidir linn cuimhneamh ar na haghaidheanna agus a gcuid scéalta.

Sir GaerfyrddinTá cáil an stráice 11km ar Thrá Pendine mar gheall ar a stair maidir le curiarrachtaí luais talún. Cheap Malcolm Campbell curiarracht luais talún an domhain anseo i Blue Bird i 1924 agus arís i Blue Bird II i 1927. Rinne fear na Breataine Bige, JG Parry-Thomas, iarracht chinniúnach curiarracht Campbell a shárú roinnt seachtainí ina dhiaidh sin ach maraíodh é. Cé go bhfuil deiseanna maidir le tiomáint ar an trá teoranta go leor sa lá atá inniu ann, tá áit speisialta fós ag an trá sin i gcroíthe a lán díograiseoirí.

Cuimhníonn daoine ar aghaidh Dylan Thomas nuair a luaitear an áit seo. Ní féidir deireadh a chur le cuairt ar bith gan dul go Talacharn (Laugharne i mBéarla) áit ar thug an file grá a chroí dó, áit a raibh cónaí air agus ina mbíodh sé i mbun cúrsaí seirce, scríbhneoireachta agus óil agus inar adhlacadh é faoi dheireadh i reilig Naomh Mártain. Tá an Boathouse, áit ar chaith Thomas blianta deireanacha a shaoil lena bhean chéile agus lena theaghlach, anois ina mhúsaem ina léirítear a shaol agus a shaothar. Ar do bhealach ann, rachaidh tú thar an tseid scríbhneoireachta áit ar scríobh sé a dhráma cáiliúil raidió 'Under Milk Wood'.

Tá greim an-mhaith ag finscéal Merlin ar Ghleann Tywi agus is furasta a fheiceáil cén fáth: cruthaíonn na réchnoic droimeannacha a bhfuil caisleáin scriosta in airde orthu radhairc fíordhraíochta. Suite ar charraig aolchloiche 90 méadar ar airde, tá fothracha chaisleán Carreg Cennen ina ndíol suntais ar an spéirlíne sa taobh sin tíre. Deirtear gur thóg Urien, duine de ridirí an Rí Artúir, é mar dhún dó féin. Tá Caisleán Dryslwyn (Castell y Drysllwyn) tógtha ar chnoc creagach eile, agus beidh baint aige go deo le prionsaí Deheubarth.

Sir Gaerfyrddin imageBaile aoibhinn margaidh is ea Llandeilo ina mbíonn bróga na bhfeirmeoirí agus bróga faiseanta an bhaile mhóir le feiceáil agus is áit mhaith é chun oíche mhaith scíthe agus téarnaimh a fháil.

Díreach taobh amuigh de Llandeilo tá Caisleán Dinefwr a bhfuil áit thábhachtach aige i stair na Breataine Bige. Ba é sa dún sin, atá suite ar bharr cnoic cosúil le cinn eile sa cheantar, a bhíodh a chúirt ag an Tiarna Rhys agus bhí tionchar aige ar chinntí faoin mBreatain Bheag. Is san eastát 800 acra atá Túr Nua-Ghotach Paxton agus Teach Newton ón 17ú haois agus páirc thírdhreacha ón 18ú haois, atá tógtha timpeall ar pháirc fianna ó na meánaoiseanna.

Ní thógfaidh sé ach 40 nóiméad ort le tiomáint go ceann thiar Pháirc Náisiúnta Bannau Brycheiniog agus go Llyn y Fan Fach. Tá baint ag an loch álainn oighreach seo le scéal ‘Bantiarna an Locha’ ón 14ú haois. Sa scéal seo, titeann feirmeoir óg i ngrá le bean álainn a tháinig aníos ón loch. Phós sé í ar an gcoinníoll go bhfillfidh sí ar an loch dá mbuailfeadh sé í 3 uaire. Faoi dheireadh bhuail sé í den tríú huair (cé nár bhuail sé riamh í agus fearg air) agus d’fhill sí ar an loch. Tháinig sí ar ais ar feadh tamaill bhig chun comhairle a chur ar a chlann mhac, a d’fhás suas le bheith ina ndochtúirí agus a dtugtar 'Lianna Myddfai' orthu inniu.