Nuair a luaitear 'Sir Benfro' is dócha go smaoiníonn daoine ar aillte arda agus raonta fairsinge fada de ghaineamh órga eatarthu. Déanta na fírinne, meastar go bhfuil a chósta chomh speisialta gurb é sin an t-aon pháirc náisiúnta chósta sa Ríocht Aontaithe. Ach mar gheall ar thírdhreacha réamhstairiúla Sir Benfro Thuaidh, agus na miotais agus na finscéalta ársa a bhaineann leo, tugtar ‘Tír na Draíochta agus na nGeas’ orthu. Mar sin, san eispéireas seo gluaisfidh tú leat isteach faoin tír agus suas ar na cnoic.

Sir BenfroNíl áit ar bith a bhfuil draíocht agus geasa na coda seo de Sir Benfro níos soiléire ná ar Chnoic Preseli, foinse iomráiteach na gCloch Gorm atá mar fháinne laistigh i Stonehenge. Tá iarsmaí réamhstairiúla, cairn adhlactha agus dúnta suite anseo agus ansiúd ar fud na móinteach fiáin, na bhfraochmhánna agus na bhféarthailte.

Suite ar chnoc lom tá Foel Drygarn, a chiallaíonn ‘Cnoc Lom na dTrí Chairn’. Tógadh na trí charn adhlactha sa Chré-umhaois, agus tógadh an dún - an ceann is mó i Sir Benfro - le linn na hIarannaoise. Is dóigh linn gur fiú go mór an iarracht a dhéanamh dul suas go dtí an mullach mar gheall ar na radhairc 360° a bhíonn le fáil chomh fada siar le Muir Éireann lá maith.

Tá an chromleac (tuama meigiliteach) Pentre Ifan ina sheasamh le 5,000 bliain ar cheann de bhunchnoic Preseli, is í ag frámú sliabh Carn Ingli agus ag breathnú amach ar chuan mór Casnewydd (Newport). Tá sé tógtha de na Clocha Gorma céanna a úsáideadh le haghaidh a ‘dheartháir mór’ ag Stonehenge agus tá an rún céanna ag baint lena bhfíorchuspóir. Chun ceangal ceart a bheith agat lenár sinsir Cheilteacha, seas anseo le clapsholas agus an ghrian ag dul faoi os cionn na bá, díreach mar a dhéanfaidís fadó - agus fan go n-aireoidh tú na ribí ag éirí ar chúl do mhuiníl.

Sir Benfro imageCibé áit a bhfuil daoine ina gcónaí, déanaimid ár gcuid scéalta a shnoí isteach sa tírdhreach agus níorbh aon eisceacht iad muintir Cheilteach Sir Benfro Thuaidh, a d’fhág 8 suíomh réamhstairiúla duit lena n-iniúchadh. Tá Castell Henllys (nó ‘Caisleán na Sean-Chúirte’) chomh gar do shráidbhaile beo beathach na hIarannaoise agus a gheobhaidh tú áit ar bith sa Ríocht Aontaithe. Atógadh a dtithe cruinne ag baint úsáide as poill bhunaidh na gcuaillí, a nocht seandálaithe le linn na tochailte. Déanann treoraithe feistithe stair an dún a athinsint agus iad ag déanamh ionadaíochta ar bhaill na treibhe Demetae a bhíodh ina gcónaí sa taobh sin tíre tráth den saol. Agus má thaitníonn sé leat lorg na laochra a leanúint is féidir leat é sin a dhéanamh - go liteartha - tríd an chonair chosnochta chéadfach a thógáil. Tá 8 ndromchla éagsúla le mothú faoi do chosa ar an gconair; lena n-áirítear gairbhéal breochloiche, cré ag glugarnach faoi do chosa agus stumpaí crann.

Tabharfaidh turas gairid chuig sráidbhaile beag deas Nanhyfer, nó Nevern i mBéarla, tú agus chuig reilig Naomh Brynach (nó Brianach) agus go Cros Nanhyfer ón 10ú haois, a luaitear go minic mar cheann de na samplaí is foirfe de chros Cheilteach sa Bhreatain. Feicfidh tú dhá chloch ogham ón 5ú haois laistigh den séipéal freisin. Tá an líon is mó clocha oghaim lasmuigh d’Éirinn sa Bhreatain Bheag agus is féidir thart ar leath díobh sin a fháil i Sir Benfro, áit ar bunaíodh go leor lonnaíochtaí Éireannacha. Rugadh Naomh Brianach féin in Éirinn.

Faoi mar a luamar cheana, tá 8 láithreán ársa sa cheantar seo agus mar sin, cén fáth nach leanfá ar do thuras timpeall Sir Benfro réamhstairiúil chun tuilleadh scéalta a fháil faoin gcaoi a raibh baint ag na Ceiltigh fadó leis an talamh?