Contae Phort Láirge: Áiteanna Ársa agus Spásanna Naofa

Tógfaidh beagnach gach bóthar sa taobh seo tíre thú go seansaol na ndaoine fadó. Siúil leat thart faoin gcathair is ársa in Éirinn. Cuir taithí ar shaol na Lochlannach i dteach Lochlannach lámhdhéanta. Dreap thar charraigeacha a foirmíodh ag oighearshruthanna, fásaigh agus bolcáin faoin bhfarraige. Siúil timpeall cathracha na manach inar bhunaigh naoimh na lonnaíochtaí Críostaí is luaithe sa tír.

Waterford vikingsTháinig na Lochlannaigh i dtír i 914 san áit a dtugaimid Port Láirge air anois. Ní féidir a shéanadh gur mealladh go hÉirinn iad chun na mainistreacha saibhre a ionsaí, ach bhí i bhfad níos mó i gceist leo ná laochra ag creachadh is ag bánú. Shocraigh siad síos anseo, rinne siad ghuaillíocht agus bhunaigh siad bealaí trádála - agus mhúnlaigh siad scéal na hÉireann. Is cuid de limistéar oidhreachta na cathrach é Triantán Lochlannach Phort Láirge agus tá sé suite ar lorg bunaidh na chéad lonnaíochta Lochlannaí. Deirtear go bhfuil ‘1,000 bliain de stair i 1,000 coiscéim’, agus tá trí mhúsaem ann a léiríonn tréimhse na Lochlannach, na meánaoiseanna agus tréimhse Seoirseacha na cathrach.

Ní thógann sé ach turas 20 nóiméad le dul ó Chathair Phort Láirge go gairdíní Chnoc Congreve. Ós rud é go bhfuil bailiúchán de níos mó ná 3,000 crann agus tor éagsúil, níos mó ná 2,000 Róslabhras, 600 Caiméilia, 300 Mailp de chineálacha éagsúla, 600 crann agus tom buaircíneach, 250 dreapadóir agus 1,500 planda luibheach (gan trácht ar na speicis leochaileacha atá sa teach gloine) ní leor focail chun an áilleacht urghnách a fheicfidh tú anseo a chur in iúl.

Agus tú ag dul siar ar an N25, cas ag Léim Uí Bhriain go hEasanna na Machan i Sléibhte an Chomaraigh.  Is furasta dul chucu, is féidir taitneamh a bhaint astu ar go leor bealaí éagsúla agus tá an buntáiste breise ann dóibh siúd a shiúlann Conair choille na Cruaiche. Níl in Easanna na Machan ach ceann de na hiontais atá le fáil i Sléibhte an Chomaraigh, ba chóir dóibh siúd a bhfuil fonn eachtraíochta orthu imeacht ar chonairí siúil Ghleann na hUidhre agus Ráth Ó gCormaic chun an iliomad seoda atá i bhfolach sa sliabhraon iontach seo a fheiceáil.

Is iomaí cuairteoir a tháinig go Baile Oidhreachta Lios Mór i gcaitheamh na gcianta. Tháinig Naomh Carthach anseo i 635 agus bhunaigh sé Mainistir Lios Mór, a mheall scoláirí ó gach cearn den Eoraip. Ar an drochuair, tharraing an saibhreas a bhí ann na Lochlannaigh chuige. Dream garbh ab ea iad a chreach an baile agus dhó go talamh é. Lean na Normannaigh na Lochlannaigh agus thóg an Prionsa John, mac Anraí II, Caisleán Lios Mór in 1185. I measc na gcuairteoirí cáiliúla a tháinig chun na háite bhí an t-údar William Thackeray, John F Kennedy agus Fred Astaire a chonacthas ag baint taitneamh as Guinness nuair a bhí sé ar saoire anseo!

WaterfordTógfaidh sé 30 nóiméad ort tiomáint ó dheas ó Lios Mór tú chuig sráidbhaile cois cósta na hAirde Móire. Tháinig Naomh Declan ar an sráidbhaile sa 5ú haois - bíodh is gur threoraigh cloch ar na tonnta ansin é, seachas léarscáil nó loingseoireacht satailíte - agus bhunaigh sé mainistir. Is éard atá ann inniu ná fothracha na lonnaíochta Críostaí is sine in Éirinn. Má tharlaíonn sé go mbíonn tú ann ar an 24 Iúil, a lá féile an naoimh, gluais leis na hoilithrigh ar shiúlóid 4km na haille go tobar Naoimh Dhéagláin chun ómós a léiriú dó.

Agus tú ag filleadh ar feadh an chósta stop ag Ionad Cuairteoirí Gheopháirc Chósta an Chopair UNESCO i mBun Machan. Tugadh an t-ainm Cósta an Chopair ar an áit de bharr na mianach ollmhór a bhíodh á saothrú sa cheantar le linn na 19ú haois. Tugann an Gheopháirc léargas uathúil suimiúil dúinn ar an gcaoi a raibh baint ag daoine leis na tírdhreacha, ón am fadó go dtí an lá atá inniu ann.