Contae Loch Garman: Ón Ithir go dtí an Fharraige

Mhair na Ceiltigh go síochánta leis an dúlra, mar chreid siad go raibh an spioradáltacht ag baint le gach gné de. Modh maireachtála ab ea é sin atá le feiceáil go soiléir i gContae Loch Garman. Tugann an t-eispéireas seo cuireadh duit tú féin a thumadh i réimse na talún agus na farraige chun tuiscint a fháil ar an saol a bhíodh againn tráth agus atá againn fós.

WicklowFéadfaidh tú an taithí seo a fháil in aon turas amháin, thar thréimhse 2 lá nó 3 lá. Nó is féidir leat an chéad leath a dhéanamh, briseadh a bheith agat trí dhul siar ó dheas go Contae Phort Láirge, agus filleadh ansin chun an dara leath a chríochnú. D’oirfeadh an socrú sin duit más rud é go mbeidh tú ag taisteal go dtí an Bhreatain Bheag trí Ros Láir.

Stopfaimid ar dtús ag teach agus gairdíní Thobar Scoilbín ón 17ú Céad. Is féidir leat páirt a ghlacadh i dturas an tí bheo agus fáil amach faoi shaol na dteaghlach saibhir cumhachtach a bhíodh ina gcónaí ann tráth. Ós rud é go bhfuil 450 acra eile de ghairdíní agus coillearnacha leis, lena n-áirítear rian sióg agus siúlóid Gruffalo, chomh maith le feirm ainmhithe agus clós súgartha eachtraíochta, ní ionadh ar bith é gur vótáil daoine gurb é seo an príomhionad spéise in Éirinn le haghaidh turas lae.

Má thugann tú cuairt ar Pháirc Oidhreachta Náisiúnta na hÉireann beidh deis uathúil duit taithí a fháil ar níos mó ná 9,000 bliain de stair na hÉireann in aon áit amháin. Feicfidh tú tréimhse réamhstairiúil na hÉireann, ré na luath-Chríostaíochta agus ionraí na Lochlannach agus na Normannach. Déanfaidh tú iniúchadh ar lonnaíochtaí luatha na hÉireann atá athchruthaithe, rachaidh tú ag tóraíocht bia mar fheirmeoir réamhstairiúil agus caithfidh tú tua mar a dhéanfadh Lochlannach. Féadfaidh tú fiú oíche a chaitheamh i lios meánaoiseach.

Tá traidisiún ársa na gCeilteach maidir le maireachtáil i gcomhar leis an dúlra le feiceáil go soiléir in Anaclann Éanlaithe Fiáine Loch Garman. Bunaíodh é mar thearmann geimhridh do Ghéanna Bánéadanacha na Graonlainne agus clúdaíonn sé thart ar 200 heicteár an tSlaba Thuaidh. Faigheann 40% de Ghéanna na Graonlainne ar domhan foscadh agus bia anseo, mar aon leis na céadta speiceas d’éin fhiáine, lapairí agus éin eile.

Wexford image

Baineann an dara leath den eispéireas seo leis an nasc a bhí ag na gCeilteach leis an bhfarraige. Is é Sliabh Coillte atá 265m ar airde an pointe is airde ar Leithinis Rinn Duáin agus is áit mhaith é chun an áit go léir a fheiceáil. Gheobhaidh tú radharc iontach uaidh ar an leithinis go léir lá maith.

Tógfaidh sé 40 nóiméad ort tiomáint go Teach Solais Rinn Duáin ag ceann na leithinse. Tá sé ann le 800 bliain agus níl aon teach solais ar domhain a bhfuil stair níos sine aige ó thaobh lucht na farraige a chosaint. Tá a scéal féin ag gach céim den 115 chéim i staighre bíse an túir agus féadfaidh tú cuid acu a chloisteáil ar thuras treoraithe sa bhfoirgneamh uathúil seo ó na meánaoiseanna.

Má thagann tú go dtí an ceantar i ndiaidh shéasúr na turasóireachta nuair a bhíonn na laethanta níos fuaire agus níos giorra, beidh seans maith agat míol mór dronnach a fheiceáil mar chúiteamh. Tosaítear ag faire amach do na míolta móra i mí na Samhna nuair a thugann siad cuairt ar ár n-uiscí teo chun bheith ag ithe. I measc na gcuairteoirí eile freisin tá míolta móra eiteacha agus droimeiteacha beaga, muca mara, rónta agus deilfeanna. Is pointe féachana breá é an balcóin dhearg ag barr Theach Solais Rinn Duáin má bhíonn déshúiligh agat, ach mura gcuirfeadh suaitheadh na farraige as duit mholfaimis dul níos gaire dóibh trí imeacht ar thuras cairtfhostaithe báid.

Mura mbíonn a lán ama agat, ba rud breá é tiomáint thart ar bhealach Rinn Duáin chun príomhradhairc na leithinse a fheiceáil. Tiocfaidh tú go trá chiúin, seaniarsmaí caisleáin, mainistir mhaorga nó bialann bia mara (gan dearmad a dhéanamh ar Theach Solais Rinn Duáin) ag beagnach gach casadh sa bhóthar. Nuair a bheidh do thuras críochnaithe agat measaimid go mbeidh tú ag beartú teacht ar ais arís chun na radhairc sin a fheiceáil i gceart.