Co. Chill Mhantáin: Scéal i ngach Cloch

Má ghlacaimid leis go bhfuil tú ag tosú ar do Bhealach Ceilteach i mBaile Átha Cliath, tógfaidh tú Seanbhóthar Míleata an R115 ó Ráth Fearnáin. Agus tú ag dul isteach i gCill Mhantáin, tabharfaidh tú faoi deara go n-athraíonn an tírdhreach go mór. Beidh an chathair laistiar díot agus is gearr go go mbeidh tú ar bhóthar casta tuaithe agus fraoch corcra ag fás ar feadh raon do shúl. Ansin tuigfidh tú an fáth a dtugtar ‘Gairdín na hÉireann’ ar an gcontae seo.

WicklowMá leanann tú an Seanbhóthar Míleata - a thóg Arm na Breataine tar éis Éirí Amach 1798 mar bhealach chun ceannaircigh a aimsiú níos gasta - tógfaidh sé go croílár Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin tú agus is féidir leat fanacht air nó imeacht uaidh de réir mar a bhíonn fonn ort na radhairc is fearr a fheiceáil. Tabharfaidh bóthar na radharc ó dheas tú trí Phortach Bharr na Life (foinse Abhainn na Life i mBaile Átha Cliath) agus Bearna Bhealach Sailearnáin. Gluais soir i ndiaidh na Bearna go Loch Té.

B’fhéidir go mbeidh cur amach agat ar Loch Té ar leibhéil éagsúla. Ar an gcéad dul síos, tá sé ar cheann de na suíomhanna is iomráití in Éirinn agus is mó a dtógtar grianghraif de. Ar an dara dul síos, ó tá uisce dorcha, móna ann, cruth ubhchruthach air agus trá ban gainimh ar a bharr tá sé cosúil le pionta ollmhór den deoch sin is mó a onnmhairítear ó Éirinn. Ach níl sé seo chomh haisteach sin nuair a chuimhnímid go raibh an loch ina chuid d’eastát mhuintir Guinness uair amháin. Thug siad an gaineamh bán isteach chun cuma shainiúil a thabhairt dó.

Má thiomáineann tú ó dheas ar feadh 25 nóiméad tiocfaidh tú go Gleann Dá Loch a ghearr oighearshruth amach le linn na hOighearaoise deireanaí agus feicfidh tú áilleacht an nádúir ann agus aireoidh tú suaimhneas spioradálta.  Spreag sé Naomh Caoimhín chun cathair mhainistreach a bhunú anseo sa 6ú haois. Buail isteach san ionad cuairteoirí le fáil amach an chaoi a raibh an chathair agus í i mbarr a réime, ansin gluais timpeall na seanfhothracha chun an áit a thuiscint i gceart. Lean ceann de na conairí chun áilleacht iontach na lochanna a fheiceáil. Thógfadh sé lá iomlán ort lúb an dá loch a shiúil ach tá go leor roghanna níos giorra agus níos éasca ann.

Caith an tráthnóna i mbaile Chill Mhantáin agus cuir clabhsúr leis an lá le dinnéar breá agus pionta den leann dubh.

Tá a lán rudaí le feiceáil agus le déanamh sa bhaile sin ach caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Phríosún Chill Mhantáin má bhíonn scéalta stairiúla uait. Cloisfidh tú scéalta faoi reibiliúnaithe Éirí Amach 1798, na ciontóirí a bhí ag fanacht lena n-iompar chuig an Domhan Nua agus na mná agus na leanaí a rinne goid chun iad féin a bheathú le linn an ghorta.

Wicklow landscapeNíl ach turas gairid síos an cósta go Cuan an Bhriotáis. Deirtear gurb é an chéad áit ar tháinig Naomh Pádraig i dtír nuair a tháinig sé go hÉirinn, agus ó tá bruacha míne aige agus Bratach Ghorm tuillte aige, áit fhoirfe is ea é ina bhféadfaidh an teaghlach go léir dul ag snámh agus ag lapadaíl. Tá tábhacht éiceolaíoch ag baint leis na dumhcha gainimh agus tá go leor speicis spéisiúla fiadhúlra agus plandaí iontu, lena n-áirítear cinn neamhchoitianta.

Críochnaíonn ár dturas Is i sráidbhaile beag álainn Abhóca atá deireadh an turais. Tá an muileann is sine in Éirinn atá fós ag obair ann, cuireadh tús leis na Avoca Hand Weavers ann, agus roghnaíodh é mar ionad scannánaíochta do shraith scannán teilifíse an BBC, Ballykissangel. Scríobh Thomas Moore, ina dhán cáiliúil ‘The Meeting of the Waters’ faoi Ghleann Abhóca “There is not in the wide world a valley so sweet, As that vale in whose bosom the bright waters meet.” Féadfaidh tú na cúig Chontae mórthimpeall agus an Bhreatain Bheag a fheiceáil ón Chloch Screige lá maith.  De réir na bhfinscéalta ba é Fionn Mac Cumhaill, an sealgaire is an laoch ba mhó in Éirinn riamh, agus gur úsáid sé í mar liathróid iomána.  De réir an tseanchais imíonn an Screag ag rothlú léi le fána síos go Cumar an Dá Uisce gach Lá Bealtaine.  Lean a chosán síos an cnoc go dtí an Cumar, breathnaigh timpeall ar an nGailearaí Ceardaíochta agus blais cupán caife a bheidh tuillte go maith agat.