Tagann na Trí Réimse a bhíodh na Ceiltigh á n-adhradh - an Spéir, an Talamh agus an Fharraige - le chéile chun rud an-speisialta a chruthú sa chuid seo den Bhreatain Bheag. Déan tú féin a thumadh i meascán mearaí de thírdhreacha iontacha agus de ghníomhaíochtaí corraitheacha, ansin fill ar ais abhaile ag aireachtáil suaimhnis coirp agus go bhfuil d’intinn athlíonta.

CeredigionTá cáil ar Bae Ceredigion (Bá Cardigan) mar gheall ar a dheilfeanna bolgshrónacha, agus is ann a chónaíonn an líon is mó acu san Eoraip. Is féidir leat iad a fheiceáil ó cheann ceann na bliana, ach is mó an seans a bheidh agat iad a fheiceáil i rith an tsamhraidh, nuair a bhíonn na ronnaigh a itheann siad flúirseach. Is cosúil gurb é an baile cois farraige Cei Newydd lárionad i ndeilfeanna. B’fhéidir go bhféadfá ceann acu a fheiceáil ó bhalla an chalaidh, agus is ón áit sin is féidir leat bád a chairtfhostú le dul ag breathnú níos cóngaraí orthu. Sula seolann tú, bí cinnte cuairt a thabhairt ar Ionad Fiadhúlra Mara Bae Ceredigion, áit ar féidir leat leideanna a fháil ar conas na deilfeanna agus baill eile na bá a fheiceáil - na muca mara agus rónta liatha an Atlantaigh.

Gluais leat ó thuaidh suas an cósta, tríd an mbaile deas cois cuain Aberaeron ar gheal le beadaithe é, go dtí baile ollscoile cois farraige Aberystwyth, nó 'Aber’ mar a thugtar air go ceanúil. Is é sin an baile is mó i Ceredigion, pointe fócasach do chultúr na Breataine Bige agus cultúr idirnáisiúnta i gcás gach foirm ealaíne agus atá fógartha mar príomhchathair an chultúir Cheiltigh. Is fiú go mór tamall gairid a chaitheamh ann. Is bunáit í inniu óna bhféadfaidh tú an cósta a iniúchadh, lena n-áirítear iarsmaí foraoise báite na finscéalaíochta atá le feiceáil ar thalamh 'Cantre'r Gwaelod' ar éirigh an fharraige os a chionn, sula dtéann tú isteach faoin tír go dtí na Sléibhte Caimbriacha chun siúl go dtí mullach Pumlumon nó imeacht ar chonairí garbha le haghaidh rothair sléibhe ag Bwlch Nant yr Arian. Faigh do dhóthain de dhreapadh crua agus raonta singile anuas le fána agus ansin téigh go dtí an caife agus b’fhéidir go mbeadh tú in am na Cúir Rua a fheiceáil á mbeathú féin os cionn an locha.

Ceredigion imageTar éis oíche mhaith scíthe agus téarnaimh a fháil in Aberystwyth, féadfaidh tú léim a chaitheamh ar thraein de chuid Iarnród Ghleann Rheidol chun Easanna an Diabhail a bhaint amach. Síneann trí dhroichead ar leithligh a tógadh ar bharr a chéile idir an 11ú agus an 19ú haois thar na heasanna atá 90m ar airde. De réir an fhinscéil, thóg an Diabhal an droichead bunaidh mar obair ródheacair a bheadh ann do dhaoine. Shocraigh sé é a thógáil mar mhalairt ar anam an chéad duine a thrasnódh é ach bhuail seanbhean chaolchúiseach bob air agus cuireadh an ruaig air go deo.

Ní thógfadh sé ach 30 nóiméad ort tiomáint ó Aberystwyth go seanmhainistir Strata Florida, a chiallaíonn “Gleann na mBláthanna” i Laidin nó ‘Ystrad Fflur’ sa Bhreatnais. Bhunaigh manaigh Chistéirseacha í i 1201, agus ba í sin an eaglais ba cháiliúla sa Bhreatain Bheag i ndiaidh Ardeaglais Naomh Dafydd (Dáibhí) agus ina bunchloch faoi chultúr na Breataine Bige. Tugtar ‘Mainistir Westminster na Breataine Bige’ uirthi agus is ann atá 11 de phrionsaí Dinefwr curtha mar aon le Dafydd ap Gwilym file ó na meánaoiseanna a scríobh faoin dúlra agus ábhair rómánsúla.

CardiganCúpla míle ó shuaimhneas na manach i Mainistir Strata Florida tá uaigneas sollúnta Linnte Teifi. Tá Llyn Teifi agus na linnte eile - Llyn Hir, Llyn Gorlan agus Llyn Egnant - i bhfolach sna cnoic os cionn Strata Florida. Má bhíonn an t-am agat agus an fuinneamh ionat, ba mhaith linn a mholadh duit an bealach eatarthu a shiúil chun taithí a fháil ar fhíor-iargúltacht.

Rogha eile seachas ‘Aber’ is ea baile margaidh álainn Cardigan áit ar troideadh roinnt cathanna idir mhuintir na Breataine Bige agus na Normannaigh. Ba é an caisleán an chéad cheann déanta de chloch a thóg prionsa de chuid na Breataine Bige.  Tá brí chruthaitheach le sonrú sa bhaile agus cáil ag teacht air de bharr cúrsaí bia. Téigh go Canvas Gallery le haghaidh ealaíontóirí comhaimseartha na Breataine Bige nó bí cruthaitheach tú féin ag ceardlann cheardaíochta Stiúideo 3. Má roghnaíonn tú an t-am ceart beidh tú in ann seó a fheiceáil, páirt a ghlacadh sa bhFéile Guthanna Eile (a reáchtáiltear de ghnáth i mí na Samhna) nó bain taitneamh as an gclár ceoil samhraidh a choinníonn Theatr Mwldan ar siúil ar thailte an chaisleáin.