Cefn Sidan

Carmarthenshire

An Bhreatain Bheag Carmarthenshire

Téigh amach roimh éirí na gréine chun na chéad ghathanna solais a fheiceáil ag gealadh na ndumhcha agus na trá ag Cefn Sidan. Más geal í an mhaidin, beidh radhairc iontacha agat chomh fada siar le Caldey, amach ar Lundy, agus timpeall ar Leithinis Gower. Is í seo an trá is faide sa Bhreatain Bheag; 13km le dul ag siúil, ag snámh nó ag luí faoin ngrian. Ach feictear an chuid dhorcha de stair an imeallbhoird seo ag lag trá, nuair a thagann iarsmaí roinnt long bhriste chun solais. Taoidí garbha agus bruacha éadoimhne Shruth Bristol a bhris cuid díobh, agus mheall buíonta robálaithe cuid eile díobh chuig an trá chun a lastas luachmhar a ghoid.