Com Seangán

Com Seangán

Éire Port Láirge

Tá Com Seangán ar cheann de na comanna is breátha san Eoraip agus Sléibhte an Chomaraigh an díol suntais is mó aitheanta. Is éard atá i gcom, log sa talamh ar thaobh sléibhe agus é ar chruth cathaoireach. Is ann a cruthaíodh oighearshruth.

Is siúlóid réasúnta deacair í Siúlóid Lúibe Chom Seangán, a théann 7.5km timpeall ar mhullach agus ardchlár an amfaitéatir nádúrtha seo, óna bhfaighidh tú radharc iontach ar an loch dorcha 365m faoina bhun. Lá breá, beidh tú in ann Droichead na Siúire i gCathair Phort Láirge agus Rinn Duáin i gContae Loch Garman a fheiceáil.

Bhí ceangail láidir leis an áit ag an ngadaí bóthair, William Crotty, san 18ú haois: théadh sé i bhfolach ó lucht an dlí sna pluaiseanna anseo. Thángthas air ar deireadh, áfach – gabhadh é, cuireadh ar a thriail é agus crochadh é. Cuireadh a cheann in airde ar spíce taobh amuigh de phríosún an chontae mar rabhadh. Má tá an t-am agat, téigh ar thóir a thaisce ag an loch agus ag an bpluais a ainmníodh ina dhiaidh.