Míolta Móra ag Léim as an Uisce ag Rinn Duáin

Míolta Móra ag Léim as an Uisce ag Rinn Duáin

Éire Loch Garman

Míolta Móra ag Léim as an Uisce ag Rinn Duáin

Tuilleadh eolais a fháil

Cuirtear tús leis an séasúr fairtheoireachta míolta móra amach ó Leithinis Rinn Duáin i mí na Samhna. I ngeimhreadh 2010, tuairiscíodh roinnt míolta móra eiteacha agus chonacthas míol mór dronnach amach ó chósta Rinn Duáin. Tá áthas orainn go dtagann na míolta móra ar ais gach bliain, agus tá gaol anois idir an áit sin againne agus an míol mór dronnach ach go háirithe.

Is áit iontach í an bhalcóin dhearg ag barr Theach Solais Rinn Duáin chun bheith ag faire le déshúiligh, nó is féidir dul ar thuras báid cairtfhostaithe chun fairtheoireacht míolta móra a dhéanamh.

Tá an míol mór dronnach ar cheann de na hainmhithe is mó ar domhan. Fásann siad chomh fada le 16 mhéadar agus féadfaidh meáchan 40 tonna a bheith iontu. Tá láthair phórúcháin don mhíol mór dronnach ‘Éireannach’ aimsithe ag saineolaithe le déanaí ag oileáin Cabo Verde. Ciallaíonn sin go dtaistealaíonn siad beagnach 5,000km gach bliain, trí chuid de na lánaí loingseoireachta is gnóthaí ar domhan chun teacht ar an láthair bheathaithe sin againne. Is iontach an radharc é ceann ag léim as an uisce anseo, nuair a chuimhnítear ar an méid sin go léir.

content-img