Galf ag an mBléin Rua agus Baile Chill Mhantáin

Galf ag an mBléin Rua agus Baile Chill Mhantáin

Éire Cill Mhantáin

Galf ag an mBléin Rua agus Baile Chill Mhantáin

Tuilleadh eolais a fháil

Más galfaire tú, ní féidir leat cuairt a thabhairt ar Éirinn gan ar a laghad babhta amháin a imirt. Club den scoth é Cumann Gailf na Bléine Rua, 3.5km ó Bhaile Chill Mhantáin. Tá sé lonnaithe ar bharr aille agus radharc ar an bhfarraige ó gach ceann de na 18 bpoll. Go deimhin, is féidir Mount Snowdon sa Bhreatain Bheag a fheiceáil ar lá breá samhraidh. Ar an taobh thiar, suas gleann cúng, tá Sléibhte Chill Mhantáin. Is galfchúrsa dúshlánach 72 par, 6,175 méadar, a dhear Hawtree é seo agus é ar cheann de na 100 galfchúrsa is fearr in Éirinn in 2019, dar le Golf Digest.

Is baile cuain gnóthach é Baile Chill Mhantáin. Is iomaí rud le feiceáil agus le déanamh ann, agus turas ar Príosún Chill Mhantáin ar bharr an liosta. Insíonn Mary Morris, an Banoifigeach Príosúin, scéalta na bpríosúnach – ó reibiliúnaigh Éirí Amach 1798 go dtí na daoránaigh a cuireadh chuig an Domhan Nua agus na mná agus na leanaí a ghoid chun iad féin a bheathú i rith an Ghorta Mhóir sna 1840idí. Níl an turas oíche ró-oiriúnach do dhaoine neirbhíseacha – deirtear gurb é ceann de na foirgnimh is mó san Eoraip a bhfuil taibhsí ann.