Triantán Lochlannach Phort Láirge

Triantán Lochlannach Phort Láirge

Éire Port Láirge

Triantán Lochlannach Phort Láirge

Tuilleadh eolais a fháil

Cé gur fíor gur tháinig na Lochlannaigh go hÉirinn chun na mainistreacha saibhre a robáil, rinne siad i bhfad níos mó ná goid agus troid. De réir a chéile, chuir siad fúthu, rinne siad comhghuaillíochtaí agus bhunaigh siad bealaí trádála – d’éirigh siad ina gcuid thábhachtach de scéal na hÉireann, mar sin. Tháinig flít mór ionróirí i dtír san áit ar a dtugtar Cathair Phort Láirge anois, sa bhliain 914. Tá Triantán Lochlannach Phort Láirge, cuid de limistéar cultúrtha agus oidhreachta na cathrach, suite i láthair na céad lonnaíochta. Deirtear go bhfuil ‘1,000 bliain staire laistigh de 1,000 coiscéim’. Tá trí mhúsaem ann ina bhfuil taispeántais de stair Lochlannach, Mheánaoiseach agus Sheoirseach na cathrach