Tearmann Éanlaithe Fiáine Loch Garman

Tearmann Éanlaithe Fiáine Loch Garman

Éire Loch Garman

Tearmann Éanlaithe Fiáine Loch Garman

Tuilleadh eolais a fháil

Tá traidisiún ársa na gCeilteach maidir le maireachtáil go síochánta in éineacht leis an dúlra fós á chleachtadh i dTearmann Éanlaithe Fiáine Loch Garman. Cheiliúir an tearmann, a bunaíodh mar thearmann geimhridh do Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha, 50 bliain ar an bhfód in 2019. Tá sé suite ar thalamh feirme réidh a míntíríodh ón bhfarraige sna 1840idí. Cumhdaíonn sé tuairim is 200 heicteár sa Slaba Thuaidh agus is cuid de Shlabaí Loch Garman é, agus de Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) an Chuain. Is anseo a fhaigheann 40% de Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha an domhain bia agus foscadh, i dteannta leis na mílte éanlaith fhiáin, lapaire agus éan eile. Go deimhin, taifeadadh os cionn 250 speiceas d’éin anseo.