Loch Té

Loch Té

Éire Cill Mhantáin

Is ceann de na háiteanna is mó aitheanta in Éirinn agus is minice a dtugtar grianghraf de is ea Loch Té. Ní haon ionadh é. I gcroílár Shléibhte Chill Mhantáin, ag bun ghleann   oighreach mórthaibhseach, tá loch atá thar a bheith cosúil leis an earra is mó a dhéantar a easpórtáil as Éirinn. Fágann an t-uisce dorcha móinteach, an t-ubhchruth atá air agus an trá de ghaineamh bán atá aige go mbreathnaíonn Loch Té cosúil le pionta ollmhór Guinness. Is cuid d’eastát Log an Lá é an loch, agus ba iad teaghlach Guinness ar leis é ar feadh na mblianta, aisteach go leor. Rinne siad an gaineamh bán a iompórtáil chun an chuma faoi leith a chur ar an loch. Is mar gheall air sin a thugtar ‘Loch Guinness’ ar Loch Té freisin.