Caisleán Inis Córthaidh

Loch Garman

Éire Loch Garman

Caisleán Inis Córthaidh

Tuilleadh eolais a fháil

D’fhéadfá a rá go bhfuil stair achrannach ag Caisleán Inis Córthaidh!

Teaghlach Normannach de Prendergast a thóg an caisleán i 1190. Chónaigh muintir de Prendergast ann go réasúnta síochánta  ar feadh 200 bliain. Ach ansin d’éirigh an cheist faoi cé leis an caisleán ina cúis conspóide agus ba mhinic gurbh fhoréigean an réiteach ar an achrann. Mhaígh na hÉireannaigh gur leo é i 1375, ghlac na Sasanaigh seilbh air i 1536, dhóigh na hÉireannaigh go talamh é i 1569, thug an Bhanríon Eilís mar bhronntanas é i 1589, d’ionsaigh fórsaí Orwell é i 1649 agus úsáideadh mar phríosún é i rith Éirí Amach 1798. Is ann atá Músaem Chontae Loch Garman lonnaithe anois.