Naomh Dáibhí

Naomh Dáibhí

Is é Naomh Dáibhí an duine is mó in Ré Naomh na Breataine Bige, a thug an Chríostaíocht go treibheanna Ceilteacha in Iarthar na Breataine agus an t-aon naomhphátrún dúchasach a rugadh i dtíortha na Breataine agus na hÉireann.

De réir an fhinscéil, ba í Naomh Non a mháthair,  agus gur rugadh é ar bharr aille i Sir Benfro nuair a bhí anfa mór gaoithe ag séideadh. Deirtear go raibh greim an duine bháite aici ar charraig nuair a bhí a mac ag teacht ar an saol agus gur bhuail splanc tintrí an charraig á scoilteadh ina dá leath agus gur cruthaíodh an tobar naofa atá fós ann inniu. Déanann fothracha Shéipéal Naomh Non in aice láimhe áit a bhreithe a mharcáil freisin.

Ceapadh go ndearna Naomh Dáibhí roinnt míorúiltí i rith a shaoil, ach tharla an ceann ba cháiliúla nuair a bhí sé ag seanmóireacht le slua mór i Llanddewi Brefi. Nuair bhí daoine ar chúl ag  gearán nach raibh siad in ann é a fheiceáil ná a chloisteáil, d’ardaigh an talamh ar a raibh sé ina sheasamh ina chnoc. Ag an bpointe boise sin chuir Dia colm bán chuige a shocraigh ar a ghualainn.

content-img

Deirtear go raibh ról tábhachtach ag David sa chath idir lucht na Breataine Bige agus na hAngla-Shacsanaigh. Bhí lucht na Breataine Bige ag cailleadh níos mó agus níos mó talún agus cuid den fhadhb ab ea an chaoi nach raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid fear féin agus a naimhde toisc go raibh a gcuid éadaí chomh cosúil sin lena chéile. Ghlaoigh David chucu: “A Mhuintir na Breataine Bige caithfidh sibh féin a mharcáil chun go dtuigfidh sibh níos fearr cé hé an Sacsanach agus cé hé an Breatnach.” Tharraing sé cainneann ón talamh agus lean sé air: "Caith iad seo ionas go mbeidh a fhios agat gurb é do namhaid aon saighdiúir nach bhfuil cainneann á chaitheamh aige." Cé gur cheap cuid de na saighdiúirí gur smaoineamh aisteach a bhí ann, ghlac siad leis mar gur fear Dé ab ea an manach. Go gairid, bhí cainneann á chaitheamh ag gach saighdiúir Breatnach ina chlogad agus sar i bhfad, bhí an cath buaite ag na Breatnaigh. Bíonn cainneanna á gcaitheamh fós ag na Breatnaigh ar  lá féile Naomh Dáibhí (agus lá náisiúnta na Breataine Bige), an 1 Márta.

Bhí breis agus 100 bliain slán ag Naomh Dáibhí nuair a d’éag sé ar an 1 Márta 589. Tá sé curtha san áit a bhfuil an ardeaglais anois agus deirtí sna meánaoiseanna raibh dhá oilithreacht chuig a scrín cothrom le ceann amháin chun na Róimhe.

Tógadh an ardeaglais a fheicimid inniu tar éis ionradh na Normannach ar an mBreatain Bheag agus tá sí ann le breis agus 800 bliain. Tháinig sé slán ó thitim a túir, crith talún agus an Reifirméisean. Leanann sí ar aghaidh ag spreagadh ghlúin nua-aimseartha oilithreach agus cuireann sí draíocht orthu.

 

Ceangail Cheilteacha 

Manach agus misinéir Éireannach ab ea Naomh Aodán a thaistil chun na Breataine Bige chun staidéar a dhéanamh faoi Naomh Dáibhí. Ar fhilleadh ar Éirinn dó spreagadh é chun a mhainistir féin a thógáil ag Fearna. Tá Ardeaglais Naomh Aodáin, a chreidtear gurb í sin an ardeaglais is lú in Iarthar na hEorpa, ina seasamh ar an láthair anois.

Deirtear gur bhásaigh Naomh Dáibhí i lámha Naomh Aodáin le linn cuairte a rinne sé níos déanaí ar Sir Benfro. Bhí a leithéid de mheas ar Naomh Aodán sa Bhreatain Bheag gur cheap na daoine gur dhuine de mhuintir na tíre sin é agus gur cheap siad géaga ginealaigh dó a d’fhág go raibh sé ina bhall d’uaisle na Breataine Bige!