An Bhreatain Bheag Pembrokeshire

Ardeaglais St Davids

Cathair agus ardeaglais St Davids an díol suntais is mó ar an leithinis is faide siar in Pembrokeshire. Is ann atá Naomh David, nó ‘Dewi Sant’ sa Bhreatnais, pátrún na Breataine Bige, curtha. Tá an ardeaglais ina háit oilithreachta naofa le breis agus 800 bliain. Sa ré mheánaoiseach, deirtí gurbh ionann dhá oilithreacht go St Davids agus ceann amháin chun na Róimhe.

Tógadh an ardeaglais reatha ar láthair na mainistreach a bhunaigh Naomh David sa 6ú haois chun oiliúint a chur ar mhisinéirí an Chríostaíocht a scaipeadh. Creidtear go raibh Naomh Pádraig ar dhuine de na misinéirí sin. De réir mar a tháinig clú agus cáil ar Naomh David, tháinig fás ar a mhainistir agus forbairt ar phobal. Ar an drochuair, tharraing sí aird na Lochlannach, a thug ruathar fúithi go minic sna céadta bliain ina dhiaidh sin. Ghabh na Normannaigh an mhainistir ar deireadh agus thosaigh siad ag tógáil an ardeaglais atá ann anois sa bhliain 1181.

Tháinig an ardeaglais slán ó chrith talún, ón Reifirméisean agus fiú ón túr ag titim as a chéile, agus tá sí fós ina seasamh agus ina spreagadh do chuairteoirí, 800 bliain i ndiaidh a tógála.