Siúlóidí Cairdiúla don Mhadra

Siúlóidí Cairdiúla don Mhadra

An amhlaidh nach bhfuil tú ag iarraidh dul ar saoire gan do chara ceithre chos a bhreith leat?

Soláthraíonn Bealaí na gCeilteach an cúlra foirfe le haghaidh saoirí sa bhaile a thacóidh le do mhadra. Seo cúpla moladh maidir le turais lae agus conairí, idir chósta agus intíre, ar féidir leat féin agus cairde clúmhacha do theaghlaigh taitneamh a bhaint astu le chéile.

Cefn Sidan

Sir Gaerfyrddin

Beidh radhairc iontacha agat maidin gheal chomh fada siar le Caldey (Ynys Bŷr), anonn go Lundy, agus as sin an bealach go léir timpeall go Leithinis Gower (Penrhyn Gŵyr).  Ó tá an trá 13km ar fhad agus ós í sin an trá is faide sa Bhreatain Bheag is geal le lucht bolg le gréin, le snámhóirí agus le siúlóirí í.

Llansteffan

Sir Gaerfyrddin

Tá sráidbhaile deas Llansteffan suite idir bhruacha Inbhear Tywi agus cnoic Sir Gaerfyrddin. Is fiú cuairt a thabhairt ar ghaineamh órga na príomhthrá agus cuas cúlráideach Bhá Scott is cuma cén séasúr atá ann.

Trá Pendine

Sir Gaerfyrddin

Tá iomrá ar stráice 11km Thrá Pendine mar gheall ar a stair maidir le curiarrachtaí luais talún. 

* Ní cheadaítear madraí ar limistéar an Bhrait Ghoirm ar na tránna idir 1 Bealtaine agus 30 Meán Fómhair

Trá Marloes

Sir Benfro

Cuirfidh cuar 1.5km de ghaineamh neamhphlódaithe gliondar ar do chroí agus é breac le túir gaineamhchloiche ina seasamh i linnte lag trá agus éisc bheaga agus ribí róibéis bídeacha ag glioscarnach iontu, chomh maith le radhairc ar oileáin Skokholm agus Gateholm.

Pen Strwmbl

Sir Benfro

Tugtar Leithinis Pencaer ar an gceantar, cé nach leithinis é i ndáiríre. Tá an fharraige ar dhá thaobh de agus líne de chnoic ísle ar thaobh na tíre, mheasfadh duine a bheadh ann go raibh sé scoite amach ón gcuid eile den domhan, sa chaoi is fearr is féidir.

Cei Newydd

Ceredigion

Bíonn daoine ag tarraingt ar an gceann scríbe saoire seo cois farraige mar gheall ar na turais bháid a bhíonn ann chun deilfeanna a fheiceáil, tránna a bhuaigh duaiseanna agus réimse de chineálacha éagsúla spórt uisce.

*Ní cheadaítear madraí a thabhairt go chodanna den trá idir 1 Bealtaine agus 30 Meán Fómhair

Linnte Teifi

Ceredigion

Is i dtuaisceart Ceredigion atá foinse Abhainn Teifi, ceann de na haibhneacha is faide sa Bhreatain Bheag. Is iad na lochanna draíochtacha doimhne oighir seo an áit fhoirfe chun strus agus gleo an tsaoil laethúil a fhágáil i do dhiaidh.

Aird Mhór

Phort Láirge

Tá trá ghainmheach iontach ag baile stairiúil Aird Mhór agus tá sí gar do lár an tsráidbhaile. Taitníonn an trá chuartha seo le teaghlaigh toisc go bhfuil sé sábháilte dul ag snámh ann.

Com Seangán

Phort Láirge

Is bealach measartha 7.5km é Siúlóid Lúb Chom Seangán timpeall droim agus ardchlár an amfaitéatair nádúrtha seo, óna bhfaighidh tú radhairc iontacha den loch dorcha 365m thíos uait. Má bhíonn an lá go maith beidh radharc agat chomh fada soir le Droichead Abhainn na Siúire i gCathair Phort Láirge agus ar Rinn Duáin i gContae Loch Garman.

Curach Cló

Loch Garman

Síneann an trá seo níos mó ná 11km ó Rinn Rámhann go Baile an Choinigéir, in aice leis an Abhainn Dubh. Tá cáil ar ghaineamh bog na trá agus meallann na dumhcha iomadúla agus an mhuiríneach atá ag fás os a gcionn an fiadhúlra. Meallann siad na cuairteoirí freisin a dtaitníonn sé go mór leo dul ag rolladh síos le fána!

Teach Solais Rinn Duáin

Loch Garman

Tá sé ann le breis agus 800 bliain agus is é an teach solais is sine ar domhan atá fós ag obair. Tosaítear ag faire amach do na míolta móra amach ó Leithinis Rinn Duáin i mí na Samhna. Tuairiscíodh i ngeimhreadh na bhliana 2010 go bhfacthas míolta móra eiteacha agus míol mór dronnach amach ó Rinn Duáin.

Cuan an Bhriotáis

Cill Mhantáin

Is é Three Mile Water ag Cuan an Bhriotáis ceann de na stráicí cósta is áille ar an gcósta thoir, agus meastar gur ansin a thuirling Naomh Pádraig in Éirinn ar dtús. In éagmais cinn tíre a chuirfeadh isteach ar rithim shéimh na dtonnta ag briseadh ar an ngaineamh, is stráice 5km iontach é seo má theastaíonn uait snámh, seoltóireacht a dhéanamh, nó siúl.

Gleann Abhóca

Cill Mhantáin

Smaoiníonn daoine ar thionscal na mianadóireachta copair nuair a luaitear an gleann seo, ach tharraing Thomas Moore clú agus cáil go deo air lena amhrán 'The Meeting of the Waters'. Is iad an Abhainn Mhór agus an Abhainn Bheag na huiscí atá i gceist a thagann le chéile timpeall 2 mhíle ó shráidbhaile Abhóca. Is ansin atá tús na conaire réidhe in íochtar an ghleanna.

*Caithfear madraí a choinneáil ar iall

Llyn Y Fan

Sir Gaerfyrddin

Feicfidh tú loch oighreach álainn Llyn y Fan Fach ar an taobh thiar de Pháirc Náisiúnta Bannau Brycheiniog.

Carreg Cennen

Sir Gaerfyrddin

Suite ar charraig ollmhór aolchloiche os cionn Abhainn Cennen, tá fothracha chaisleán Carreg Cennen ina ndíol suntais ar an spéirlíne san taobh sin tíre agus tá radhairc gan bac anuas uaidh ar dhúiche Sir Gaerfyrddin.