Sliabh Coiltir agus Páirc Chuimhneacháin John F Kennedy

Sliabh Coiltir agus Páirc Chuimhneacháin John F Kennedy

Éire Loch Garman

Sliabh Coiltir agus Páirc Chuimhneacháin John F Kennedy

Tuilleadh eolais a fháil

Is é Sliabh Coiltir an pointe is airde ar Leithinis Rinn Duáin agus é 271m ar airde. Gabhann na mílte cnocadóir an cnoc gach bliain. Lá breá, is féidir an leithinis uile a fheiceáil, lena n-áirítear Teach Solais Rinn Duáin. Tá leac chuimhneacháin ar an mullach i gcuimhne ar ról an chnoic in Éirí Amach 1798. Tá siúlóid chiorclach timpeall ar an mullach freisin, áit is féidir sult a bhaint as radhairc áille ar shé chontae.

Ar an taobh ó dheas den chnoc tá Páirc Chuimhneacháin John F Kennedy, i ndil chuimhne ar an 35ú Uachtarán Mheiriceá. Síneann an pháirc choillearnaí álainn seo thar 623 acra, agus tá os cionn 500 róslabhras agus asáilia inti, chomh maith le bailiúchán lena mbaineann tábhacht idirnáisiúnta de bhreis agus 4,500 cineál crann agus tor éagsúil, cuid díobh thar a bheith annamh. Áit fhoirfe i gcomhair siúlóide machnamhaí is ea í, agus na conairí siúil ag lúbadh thart ar gharráin eocalaipe, crónghiúise, darach agus magnóilia.