Geopháirc UNESCO Chósta an Chopair

Port Láirge

Éire Port Láirge

Geopháirc UNESCO Chósta an Chopair

As na mianaigh chopair ollmhóra a bhí i bhfeidhm sa 19ú haois, agus a d’fhág oidhreacht suntasach seandálaíochta agus chultúrtha ina ndiaidh, a ainmníodh Cósta an Chopair. Síneann sé tuairim is 17km ó Chill Fhearghasa ar an taobh thoir go dtí An tSráidbhaile ar an taobh thiar. Ainmníodh é mar Gheopháirc Dhomhanda UNESCO in 2004. Insíonn na carraigeacha agus na geo-láithreáin scéal faoin tslí ar chruthaigh bolcáin faoin fharraige, gaineamhlaigh agus leaca oighir an tírdhreach a fheiceann tú inniu. Insíonn scéal an duine daonna faoin nasc nach féidir a bhriseadh atá ag muintir an réigiúin leis na tírdhreacha sin ón seanré go dtí an lá atá inniu ann.