Sa 5ú haois, tháinig Naomh Déaglán ar shráidbhaile Aird Mhór – deirtear gur chloch a bhí ar snámh ar an bhfarraige a threoraigh chuig an áit é. Bhunaigh sé mainistir ann. Is fianaise é an fothrach ar an lonnaíocht Chríostaí is sine in Éirinn. Tá roinnt láithreacha ón mainistir fós ann sa lá atá inniu ann.
Tá aireagal ón 8ú haois ann agus creidtear go bhfuil an naomh curtha faoi. Tá túr ón 12ú haois ann atá 29m ar airde. Ba é an cloigtheach é agus áit tearmainn. Tá ardeaglais ón 12ú haois ann freisin, ina bhfuil stuaraí Rómhánúla le figiúirí a léiríonn scéalta as an Sean-Tiomna agus as an Tiomna Nua – rud a bhí neamhghnách in Éirinn. Tá dhá chloch oghaim san ard-eaglais ar a bhfuil an cineál scríbhneoireachta is luaithe in Éirinn.
Is fiú go mór tabhairt faoi siúlóid aille 4km a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa sráidbhaile, chun cuairt a thabhairt ar Thobar Dhéagláin, áit a dtéann oilithrigh leis na céadta bliain anuas, ar an 24 Iúil, lá féile an naoimh, chun ómós a léiriú dó.