Jim Hayes

.

**Itinerary**

Jim Hayes

Tòisich
1. **Day** #1
Lá 1, An Satharn

AM: Tiomáin ón mbaile go dtí an pointe radhairc ar Loch Té

Seoladh: Buaile na Stuaí, Co. Chill Mhantáin

Páirceáil: Pointe Radhairc Loch Té NÓ Carrchlós JB Malone: Tá Carrchlós Loch Té suite ar an R759 agus is féidir rochtain a fháil air trí Bhealach Sailearnáin NÓ ar Bhóthar Chill Mocheanóg-An Tóchar, an R755.
Tabhair faoi deara – bíonn na carrchlóis seo an-ghnóthach uaireanta ag an deireadh seachtaine agus b’fhéidir gur b’fhiú duit tosú níos luaithe.

Eolas ar Loch Té: Tá Loch Té ar cheann de na háiteanna is mó le rá – agus is mó a dtógtar grianghraif de – in Éirinn. Agus ní haon ionadh é sin. I gcroílár Shléibhte Chill Mhantáin, ag bun gleann oighreach iontach, tá loch atá cosúil ar bhealach aisteach leis an ábhar is mó a easpórtáiltear ó Éirinn. Fágann an t-uisce dorcha móna atá ann, dealramh ubhchruthach an locha agus trá ghainmheach geal go bhfuil Loch Té cosúil le pionta ollmhór Guinness. Is cuid d’eastát Log an Lá an loch, a bhí faoi úinéireacht le blianta fada ag muintir Guinness. Rinneadh an gaineamh bán a allmhairiú chun cuma shainiúil a chur ar an loch. Mar sin tugtar ‘Loch Guinness’ ar Loch Té freisin.

Tiomáin ó Loch Té go dtí Loch Uachtair Ghleann Dá Loch – turas 30 nóiméad

Seoladh: Oifig Faisnéise na Páirce Náisiúnta agus Carrchlós an Locha Uachtaraigh, Doire Bhán, Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin, Éire. Túsphointe.
€4 don lá.

Eolas ar Gleann Dá Loch: Ghearr oighearshruthanna Gleann dá Loch amach le linn na hOighearaoise ba dhéanaí áit a bhfeicfidh tú áilleacht gan smál agus ina n-aireoidh tú suaimhneas na bhflaitheas. Ní haon ionadh gur bhunaigh Naomh Caoimhín mainistir anseo sa 6ú haois. Deirtear gur chaith sé seacht mbliana ina aonar i bpluais ar an Loch Uachtair, ar a dtugtar Leaba Chaoimhín.

Fiú amháin más rud é go bhfuil an áit ar cheann de na seoda turasóireachta is mó in Oirthear Ársa na hÉireann, nó fiú in Éirinn go léir, ní bheidh ort imeacht rófhada chun an suaimhneas agus an spioradáltacht a aireachtáil a tharraing manaigh anseo na céadta bliain ó shin.

Siúlóid Ghleann Dá Loch – Ghleann na Spince agus Gleann Abhlaigh (An Bealach Bán) – 3.5 uair, 9.7KM. Siúlóid lúibe atá dian.
Eolas:
Is féidir breathnú ó dhroim na Spince síos ar áilleacht iontach Ghleann Dá Loch. Turas dian atá ann ach ní hamháin go mbeidh radhairc iontacha agat ar an nGleann ach de réir mar a dhreapann tú níos airde beidh radharc ar Thailte Arda Chill Mhantáin mar luach saothair agat. Síneann an chonair go géar in airde ar chosán Pholl an Easa sula mbuaileann sí le clárchosán agus le céimeanna adhmaid chuig pointe radhairc iontach os cionn an Locha Uachtair. Síneann sí thar bharr na n-aillte sa chaoi go mbíonn radhairc iontacha agat sula ngluaiseann tú síos tríd an bratphortach agus fraochmhá agus isteach i nGleann Abhlaigh.
TABHAIR FAOI DEARA: tosaigh trí dhul suas na céimeanna ag Eas Pholl an Easa, ní trí Bhóthar na Mianadóirí.

Mar mhalairt air sin, tá roinnt bealaí níos giorra agus níos measartha ag tosú ag Ionad Faisnéise na Páirce Náisiúnta.

 

Áit mholta don lón gar do Ghleann Dá Loch: The Wicklow Heather (Tá dara rogha thíos)
An Láithreach, Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin – turas 6 nóiméad ó charrchlós an Locha Uachtair
Eolas: Tá The Wicklow Heather suite go hálainn i sráidbhaile pictiúrtha Láithreach, díreach cúpla nóiméad ó Pháirc Náisiúnta Ghleann Dá Loch. Bunaithe breis agus 40 bliain ó shin, is bialann teaghlaigh é The Wicklow Heather House & Restaurant a sholáthraíonn bricfeasta, lón agus dinnéar. Bíonn roghanna de phlátaí beaga, príomhchúrsaí agus ceapairí ann le haghaidh lóin.
*Coinnigh d'admhálacha, le do thoil*

 

Áit mhalartach eile molta don lón in Abhóca: The Avoca Mill
Eolas: Caifé féinseirbhíse sa mhuileann fíodóireachta a thairgeann quicheanna baile agus ceapairí úr-ullmhaithe, anraithí breátha agus milseoga úr-bhácáilte. Má bhíonn an lá go breá is féidir taitneamh a bhaint as lón ar cheann de na táblaí picnice sa ghairdín deas, áit ar féidir leat taitneamh a bhaint as na radhairc agus as ceol na habhann. *Coinnigh d'admhálacha, le do thoil*

 

PM: Gníomhaíochtaí roghnacha – níl iontu seo ach moltaí a bhrathfaidh ar cé chomh fada a thóg siúlóid na maidine ort. Níl aon rud thíos curtha in áirithe mar sin ní áiteanna riachtanach iad más mian leat imeacht díreach chuig an óstán.

Roghnach:

Tiomáin ó Ghleann Dá Loch go dtí Abhóca. Turas 30 nóiméad.

Seoladh: The Mill ag Sráidbhaile Abhóca, Cill Magaig Íochtarach, Abhóca, Co. Chill Mhantáin, Éire
Páirceáil saor in aisce ag The Mill.

Eolas ar Avoca Valley and Village: Limistéar é seo a bhfuil baint aige le mianadóireacht chopair. Thuill Thomas Moore clú agus cáil don ghleann lena amhrán ‘The Meeting of the Waters’. Is iad na huiscí atá i gceist ná An Abhainn Mhór agus An Abhainn Bheag, a thagann le chéile timpeall 2 mhíle ó shráidbhaile Abhóca. Cuireann sé tús freisin le siúlóid réidh ar feadh bhun an ghleanna. Tá clú ar Abhóca mar gheall ar lámhfhíodóireacht, is é Muileann Abhóca an muileann fíodóireachta is sine in Éirinn. Tá siopa, caifé agus muileann Abhóca ar bhruach na habhann. Is é an suíomh seo an áit ar tosaíodh eispéiris Avoca, agus is é sin bunús ainm chuideachta an teaghlaigh. San láthair an-speisialta seo in Abhóca tá an muileann lámhfhíodóireachta ann ó 1723, agus tá an Avoca Store, Cafe agus ionad cuairteoirí (saorchead isteach) ann ina n-insítear scéal an mhuilinn óna tús. Tá fiú fíodóirí tríú glúin ann chun a thaispeáint duit cad atá i gceist le pluid Abhóca a dhéanamh.

Is féidir leat siúl go réidh ón muileann le cois na habhann isteach sa sráidbhaile.

 

Tiomáin ó Abhóca go Sráidbhaile Mhaigh Chríodáin. Tógann sé thart ar 15 nóiméad tiomáint ann.

Thar oíche @ BrookLodge & Macreddin Village

Seoladh: Maigh Chríodáin Thoir, Sráidbhaile Mhaigh Chríodáin, Co. Chill Mhantáin, Y14 A362

Eolas:  teach tuaithe atá ina óstán sómasach suite i sráidbhaile álainn Mhaigh Chríodáin agus tuath iontach Chill Mhantáin thart timpeall air.

Seiceáil isteach: 16:00
Seiceáil amach: 11:00

 

8:30pm Dinnéar: The Strawberry Tree, Sráidbhaile BrookLodge & Macreddin

Eolas: An chéad bhialann Orgánach dheimhnithe in Éirinn.

Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch. Glanfaimid do bhille.

2. **Day** #2
Lá 2, An Domhnach

AM Tiomáin ó BrookLodge go dtí Cosáin Choillearnach Bhaile na Cúirte – turas 45 nóiméad

Seoladh: Cuan Bhaile na Cúirte, Baile na Trá Íochtarach, Baile na Cúirte, Co. Loch Garman, Y25 F763
Páirceáil: Ionad Fóillíochta agus Gníomhaíochta Bhaile na Cúirte ag an gCuan

Eolas ar Courtown Woodland Walks: Cé gur sráidbhaile cois farraige é Baile na Cúirte den chuid is mó, soláthraíonn an choill 60 acra faoisimh scáthach do dhaoine ón trá in aice láimhe. Le linn na 1860idí agus na 70idí, bhunaigh James Stopford, 5ú hIarla Courtown, pinetum nó coill chrann giúise agus crann buircíneach ar thailte Theach Bhaile na Cúirte. I measc na gcrann atá fágtha óna bhailiúchán tá crónghiúis Chalifornia, cufróg eanaigh, Céadar Seapánach, Céadar na Liobáine agus flúirse crann giúise, iúir agus fíorchufróga. Bí ag faire amach do chrann iúir a cuireadh mar chuid den bhailiúchán, agus a gearradh anuas na blianta ó shin, ach atá ag fás i gcónaí in aice le Cosán na hAbhann.

Tá 4 chosán éasca marcáilte tríd an gcoillearnach anois, gach ceann idir 1 agus 1.9km ar fad.

 

PM Tiomáin ó Chosáin Choillearnacha Bhaile na Cúirte go Trá Currach Cló – turas 35 nóiméad

Moltar do dhaoine stopadh le haghaidh lóin i nGuaire, gar do Bhaile na Cúirte ar an mbealach: The Kitchen,
Seoladh:
4 An Pharáid Thuaidh, Guaire – turas 15 nóiméad ó Bhaile na Cúirte
Páirceáil: Carrchlós poiblí ag Lána an Teampaill, Tailte na Corparáide, Guaire, Co.
Loch Garman, Éire

*Coinnigh d'admhálacha, le do thoil*

Eolas: Bialann agus caifé é seo a bhuaigh duaiseanna. Díríonn siad ar tháirgí áitiúla den chaighdeán is airde a aimsiú agus ábhair úra nádúrtha agus saor-raoin a úsáid nuair is féidir. Bíonn athruithe séasúracha san lón a chuireann siad ar fáil mar aon le hábhair speisialta laethúla agus freastalaíonn siad freisin orthu siúd ar mian leo bualadh isteach chun lón nó caife éadrom a chaitheamh ó am go ham.

 

Seoladh: Cúil Raithní, Currach Cló, Co. Loch Garman
Páirceáil: Tá páirceáil saor in aisce le fáil gar don trá

Eolas ar Thrá Churrach Cló: Trá í seo a bhfuil Gradam an Bhrait Ghoirm buaite aici agus síneann sí níos mó ná 11km ó Rinn Rámhann go Ballyconigar, gar don Abhainn Dubh. Tá clú agus cáil ar an áit as an ngaineamh bog atá ann, agus meallann na dumhcha fairsinge agus an brat mhuiríneach orthu an fiadhúlra agus cuairteoirí agus bíonn an-áthas ar leanaí agus iad ag rolladh anuas le fána! Bhí Trá Currach Cló cosúil le Thrá Omaha sa Normainn agus úsáideadh í chun na radhairc tosaigh de 'Saving Private Ryan' a scannánú.

Tiomáin ó Thrá Curracloe go Whitford House Hotel – turas 20 nóiméad

Thar oíche @ Whitford House Hotel
Seoladh:
Whitford House Hotel, Bóthar na Líne Nua, Loch Garman, Éire
Eolas: Óstán teaghlaigh 4 réalta
Seiceáil isteach: 16:00
Seiceáil amach: 10:00

 7:30pm Dinnéar: Seasons Restaurant, Whitford House Hotel
Eolas: Biachláir shéasúracha bunaithe ar na hábhair úr atá le fáil ó tháirgeoirí agus ó chardaithe áitiúla.

Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch. Glanfaimid do bhille.

3. **Day** #3
Lá 3, Dé Luain

AM Tiomáin ó Whitford House Hotel go Conairí Mhainistir Thinteirn – turas 30 nóiméad

 

Seoladh:  Mainistir Thinteirn, Muileann an tSáile, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman, Y34 KR64

 

Eolas ar Chonairí Mhainistir Thinteirn: Tosaíonn na 4 shiúlóid lúbtha seo ó cheann na conaire ag Mainistir Thinteirn, agus is féidir dul ar shiúlóidí éagsúla trí choillearnach chiúin nó cois cósta. Maireann na siúlóidí ó 20 nóiméad go 2 uair an chloig nuair a rachaidh tú thar roinnt de bhuaicphointí Rinn Duáin: Mainistir Thinteirn, Gairdín Múrtha Colcough agus Sráidbhaile Mhuileann an tSáile. Ba cheart do dhaoine thugann grá don fhiadhúlra a bheith ag faire amach do chruidíní, éigrití, clamháin, ioraí rua agus ialtóga ar na cosáin intíre agus éin imirceacha farraige, mar chadhain, ar feadh an chósta.

Áit mholta don lón ar an mbealach: Vine Cottage Bar, Vine Cottage Bar, Muileann an tSáile, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman - cúpla nóiméad siúil ón Mainistir

 

PM Tiomáin ó Chonairí Mhainistir Thinteirn chun bualadh le Marie, Garraíodóir Mara ag 1:30 (turas 1 uair an chloig, moltar duit Mainistir Thinteirn a fhágáil thart ar 12:00 nó níos luaithe lena chinntiú go mbeidh am agat don lón ar an mbealach).

Seoladh: Trá Bhaile Uí Dhubháin (An Cuas), Oileán Uí Chéin Theas, Co. Phort Láirge, Éire
Páirceáil: Ar fáil ag deireadh an bhóthair díreach in aice leis an gcuas.
Seoladh don léarscáil: 4HJV+JW Baile Uí Dhubháin, Co. Phort Láirge, Éire
*Tabhair faoi deara go litrítear Baile Uí Dhubháin mar Ballydwan agus Ballydowane i mBéarla. Bíonn “Ballydowane Cove” ar na comharthaí bóthair.

 

Eolas faoin nGarraíodóir Farraige: Tá Marie Power ag reáchtáil ceardlanna feamainne agus imeachtaí fiadhúlra go deonach le roinnt blianta anuas. Reáchtálann sí ceardlanna go rialta anois. Insíonn sí do dhaoine faoi dhul ar lorg bia fhiáin agus feamainní agus agus conas iad a chócaráil, agus faoin ngréasán éiceolaíoch níos leithne ar an gcladach creagach agus faoi bealaí inbhuanaithe le bia a bhailiú.

 

Fón póca Mharie: 086 8124275

Glacfaidh tú páirt sa Cheardlann Go Wild with Seaweed: 2 uair an chloig de chuardach le Marie áit a bhfoghlaimeoidh tú faoin bhfeamainn agus chun do chuid féin a chócaráil/a ithe.

Tábhachtach: gléas tú féin don aimsir le do thoil (éadaí teo srl.), beidh coisbheart uiscedhíonach uait freisin – buataisí rubair nó seanbhuataisí siúil nó seanbhróga reatha.

 

Tiomáin ó Bhaile Uí Dhubháin go cathair Phort Láirge – 50 nóiméad

 

Thar oíche @ Óstán Waterford Castle
Seoladh:
Waterford Castle Hotel & Golf Resort, An tOileán, Port Láirge, Éire, X91 Y722
Tabhair do d'aire: Beidh ort dul ar bhád farantóireachta do ghluaisteáin chuig an oileán. Cuireann an Island Resort bád príobháideach farantóireachta ar fáil do ghluaisteán a sholáthraíonn seirbhís leanúnach 24/7 go dtí an Oileán agus ar ais go dtí an mórthír i bPort Láirge. Ní thógann an turas ach dhá nóiméad. Fágann an bád farantóireachta gach 15 nóiméad óna 7am go dtí 10pm, agus ar éileamh ar feadh na hoíche ó 10pm go 7am. 
Eolas: Óstán 4 réalta is ea an Waterford Castle Hotel & Golf Resort atá suite ar Oileán Príobháideach 310 acra in inbhear na Siúire míle síos an abhainn ó Chathair Phort Láirge.

Seiceáil isteach: 15:00
Seiceáil amach: 12:00

 

8pm Dinnéar: The Munster Room, Waterford Castle Hotel
Eolas: Cuirtear béilí Éireannacha den scoth idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha ar fáil san Munster Room i Waterford Castle Hotel a bhuaigh 2 ghradam róiséid ón AA agus a chuireadh ar liosta McKenna den 100 Bialann is fearr in 2019.

Bain sult as béile trí chúrsa ón mbiachlár breá dinnéir agus alcól le do bhia más maith leat deoch. Glanfaimid do bhille.

 

 

Siúlóid roghnach tráthnóna

Tabhair cuairt ar Triantán Lochlannach Phort Láirge
Eolas:
Ní féidir a shéanadh gur mealladh go hÉirinn iad chun na mainistreacha saibhre a ionsaí, ach bhí i bhfad níos mó i gceist leo ná laochra fiáine ag creachadh rompu.  Shocraigh siad síos anseo, rinne siad comhghuaillíochtaí agus bhunaigh siad bealaí trádála - agus mhúnlaigh siad scéal na hÉireann. Tháinig cabhlach mór ionróirí i dtír sa bhliain 914 san áit a dtugaimid Cathair Phort Láirge air anois. Cuid de limistéar cultúrtha agus oidhreachta na cathrach is ea Triantán Lochlannach Phort Láirge, agus cuimsíonn sé an áit a raibh an lonnaíocht bhunaidh acu. Deirtear go bhfuil '1,000 bliain den stair laistigh de 1,000 coiscéim uait', mar aon le trí mhúsaem a léiríonn stair na Lochlannach, na Meánaoiseanna agus Ré Sheoirseach na cathrach.

4. **Day** #4
Lá 4, Dé Máirt

AM Ar do bhealach abhaile, tiomáin ó Waterford Castle Hotel go Gairdíní Mount Congreve – turas 40 nóiméad

Seoladh: Gairdíní Mount Congreve, Mount Congreve, Cill Mhíodáin, Co. Phort Láirge, X91 PX05
Páirceáil: Ar fáil ar an suíomh

Mount Congreve: Oscailte 11:00-5:30

Eolas: Bhí Ambrose Congreve chomh tiomnaithe sin dá ghairdíní gur bhuaigh sé 13 Bhonn Óir ar a laghad ag Seó Bláthanna Chelsea. Faoi chúram an stáit anois, cuimsíonn na Gairdíní timpeall 70 acra de choillearnach atá plandaithe go dian, gairdín daingean 4 acra agus 16km de chosáin. Tá níos mó ná 3,000 crann agus tor éagsúil sa bhailiúchán iomlán, níos mó ná 2,000 róslabhras, 600 Caiméilia, 300 saothrán Mailp, 600 buaircíneach, 250 dreapadóir agus 1,500 planda luibheach, chomh maith le go leor speiceas eile sa teach gloine ón Ré Seoirseach.

Crìochnaich