Le bealaí iontacha siúil do gach lá den bhliain, is é an fhírinne go bhfuil Bealaí na gCeilteach mar pharthas do shiúlóirí de gach cumas. Téigh ag fánaíocht gan bac. Fiosraigh. Caill tú féin sa nádúr.

Conair Chósta Sir Benfro

Pembrokeshire

Ó tá 186 mhíle de chosáin cósta le roghnú agat, féadfaidh na siúlóidí seo a bheith chomh fada nó chomh gearr agus is mian leat.
Casann agus lúbann Cosán Cósta Sir Benfro ar feadh 186 míle ó St Dogmaels sa tuaisceart go Amroth sa deisceart. Amroth sa deisceart. Tá beagnach gach cineál tírdhreach cósta le fáil air, ó chinn tíre de charraigeacha bolcánacha, áirsí aolchloiche, poill séideáin agus stacaí farraige, go góilíní caola gearrtha ag an oighear. Tá tránna gainimh le feiceáil idir línte na n-aillte atá déanta de ghaineamhchloch dearg agus liath. Feicimid raidhse bláthanna cósta agus éan ar an gcasán chomh maith le fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna ón Tréimhse Neoiliteach go dtí an lá atá inniu ann. Ach bheadh misneach ag teastáil ó dhuine ar mhian leis nó léi an cosán go léir shiúil in aon turas amháin. Tógann sé idir 10 agus 15 lá chun cuid Sir Benfro den chosán cósta a shiúil, agus tá breis agus 10,000m de dhreapadh in airde agus anuas i gceist - rud atá coibhéiseach le Sliabh Everest a dhreapadh!

tuilleadh a fháil amach

Foel Drygarn

Sir Benfro

Tógann sé 1.8 míle chun an mullach a bhaint amach - thart ar 1 uair 20 nóiméad.
Ciallaíonn an t-ainm Foel Drygarn ‘Cnoc Lom na dTrí Chairn’ agus faoi mar a thugann an t-ainm le tuiscint, tá 3 charn adhlactha ollmhór ón gCré-umhaois ar an mullach atá 363m ar airde. Tógadh dún a raibh rampair chosanta timpeall air agus botháin le linn na hIarannaoise. Is léir ó fhótagraif ón aer go bhfuil na céadta logán ciorclach sa talamh agus creidtear gurb iad sin bunsraitheanna na mbothán. Deir Finscéal go bhfuil taisce óir faoin gcloch comhréidh ar a dtugtar Bwrdd y Brenin ('Tábla an Rí'). Ach is dóigh linn go measfaidh tú gur fiú an dua go léir a bhain le dhreapadh nuair a bheidh radhairc gan bac agat ar Ghleann Teifi, Cnoic Preseli agus siar chomh fada le Mhuir Éireann ar lá glan.

tuilleadh a fháil amach

Linnte Teifi

Ceredigion

Mainistir Strata Florida go Linnte Teifi - bealach ciorclach 9 míle trí na Sléibhte Caimbriacha - thart ar 4 nó 5 uaire.
Tá foinse Abhainn Teifi, ceann de na haibhneacha is faide sa Bhreatain Bheag, i dtuaisceart Ceredigion. Tá Loch Suaimhneach Llyn Teifi agus na Linnte Teifi eile - Llyn Hir, Llyn Gorlan agus Llyn Egnant - i bhfolach sna cnoic, ar bhealach iargúlta ar ar shiúil na Manaigh ó Mhainistir Strata Florida. Is iad na lochanna draíochtacha doimhne oighir seo an áit fhoirfe chun strus agus gleo an tsaoil laethúil a fhágáil i do dhiaidh.

tuilleadh a fháil amach

Pumlumon

Ceredigion

Go leor roghanna bealaigh chun an bhinn is airde a bhaint amach - cén fáth nach dtosófá ag  Esteddfa Gurig agus an bealach ciorclach 5 mhíle a shiúil - thart ar 3 uaire.
Droim beannach i Sléibhte Caimbriacha is ea Pumlumon, focal a chiallaíonn ‘Cúig Bheann’ agus is é Pen Pumlumon Fawr atá 752m ar airde an ceann is airde. Cé nach é sin an sliabh is airde de sléibhte na Breataine Bige measann go leor daoine gurb é sin an tseoid i gcoróin na Breataine Bige. Tá an scéal amhlaidh toisc gur féidir leat réimse iomlán na Breataine Bige a fheiceáil ón mullach lá maith. San iarthar, nascann cuar fada Bae Ceredigion (Bá Cardigan) Eryri (Snowdonia) le Mynyddoedd y Preseli (sléibhte Preseli) agus ar an taobh thoir tá sliabhraonta Mynydd y Berwyn (Berwyn) agus Aran nasctha le Bannau Brycheiniog (ar a dtugtar the Brecon Beacons i mBéarla) ar feadh theorainn Shasana. Is é Pumlumon foinse Abhainn Severn, an abhainn is faide sa Bhreatain, chomh maith leis an Rheidiol

tuilleadh a fháil amach

Llyn y Fan Fach

Sir Gaerfyrddin

Bain triail as an mbealach ciorclach réidh 4 mhíle ón gcarrchlós gar do Llanddeusant - thart ar 2 u.
Feicfidh tú loch oighreach álainn Llyn y Fan Fach ar thaobh thiar de Pháirc Náisiúnta Bannau Brycheiniog. Tá baint ag an loch le finscéal 'Bhantiarna an Locha’ ón14ú haois. Sa scéal seo, pósann feirmeoir óg ógbhean álainn a tháinig aníos ón loch, nuair a thugann sé gealltanas di nach mbuailfeadh sé í 3 huaire. Tar éis dó í a bhualadh 3 huaire (bíodh is nach raibh fearg air riamh), filleann sí ar an loch. Tagann sí ar ais ar feadh tamaill bhig chun comhairle a chur ar a clann mhac a d’fhás suas le bheith ina ndochtúirí agus a dtugtar 'Lianna Myddfai' orthu inniu.

tuilleadh a fháil amach

Gleann Tywi

Sir Gaerfyrddin

Go leor roghanna ann maidir le siúlóidí i ngleann Tywi, bain triail as an mbealach 2 mhíle go caisleán Carreg Cennen, nó an tsiúlóid trí Choill an Chaisleáin go caisleán Dinefwr.
Tá roinnt nithe oidhreachta agus cultúrtha i nGleann álainn Tywi atá suite i measc cuid de na radhairc is tarraingtí sa Bhreatain Bheag. Suite ar charraig aolchloiche 90 méadar ar airde, tá caisleán Carreg Cennen ina ndíol suntais ar an spéirlíne sa taobh sin tíre. Tá Caisleán Dryslwyn (Castell y Drysllwyn) tógtha ar chnoc creagach eile, agus beidh baint aige go deo le prionsaí Deheubarth. Is mór idir gairdíní Eilíseacha Aberglasney ó ghairdíní ollmhóra an Ghairdín Luibheolaíoch Náisiúnta, bíodh is nach bhfuil siad ach cúpla nóiméad óna chéile. Ina theannta sin, tá roinnt réadmhaoine de chuid an Iontaobhais Náisiúnta sa cheantar, mar Thúr Nua-Ghotach Paxton agus Teach Newton, i gcroílár Eastát Dinefwr.

tuilleadh a fháil amach

Bré go hÓ Cua lann

Cill Mhantáin

Is féidir conair lae iomlán a dhéanamh - nó is féidir é a roinnt i siúlóidí níos giorra a roghnaíonn tú féin.
Tabharfaidh an bealach seo tú thar Cheann Bhré, ar feadh Chonair Belmont agus Chonair Ó Cualann.
Nascann an chonair nua iontach seo roinnt conairí a bhfuil eolas ag daoine fúthu, cuireann sí síneadh leo agus cruthaíonn sí siúlóid fhada dhúshlánach. Leanann na Rianta agus na Cosáin nua-chruthaithe bealach thar thír-raon éagsúil lena n-áirítear dreapadóireacht garbh sléibhe, cosáin foraoise atá leibhéalta agus ciúin, talamh saibhir feirme agus bóithre tuaithe. Is féidir le siúlóir a bhfuil taithí aige nó aici an chonair a chríochnú in aon lá amháin nó is féidir í roinnt ina siúlóidí níos giorra, agus faightear radharc ar na rudaí is fearr i dtírdhreacha Chill Mhantáin, ó radhairc iontacha farraige go radhairc bhreátha tuaithe a chuimsíonn páirceanna, sléibhte agus spéartha.

tuilleadh a fháil amach

Tuama Pasáiste Shuí Finn

Cill Mhantáin

Tá roinnt roghanna ann chun an mullach a bhaint amach, ach is é an ceann is dírí ná tosú díreach ó dheas de Champa Míleata Chill Bhríde agus imeacht ar feadh imeall na foraoise - 5 mhíle agus ó tá sé measartha géar bí ullamh chuige.

Suite ar bharr cnoic 650m os cionn leibhéal na farraige, téann Suíochán Fhionn nó ‘Suidh Finn’ siar chomh fada le 3300 agus 3000 R.C. D’fhéadfá a fhiafraí cén fáth ar tógadh chomh hard sin é, nuair a bheadh obair ollmhór i gceist leis sa tréimhse Neoiliteach? Ach nuair a shroicheann tú an mullach is léir an freagra. Feiceann tú droimeanna réchnocacha, gréasáin páirceanna agus lochanna glioscarnacha Dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin os do chomhair.

tuilleadh a fháil amach

Bealach Chill Mhantáin

Cill Mhantáin

Tá an bealach iomlán 79 míle ar fad agus tógfaidh sé idir 7 agus 10 lá lena chríochnú. Ach tugann sé seo neart roghanna ó thaobh siúlóidí níos giorra dóibh siúd nach dteastaíonn uathu ach turas lae amháin nó turas níos giorra.

Tá Contae Chill Mhantáin - ar a dtugtar Gairdín na hÉireann - suite díreach ó dheas de Bhaile Átha Cliath, agus is réimse fairsing fiáin é de chósta, choillearnach agus sléibhte maorga trína ritheann an cosán siúil is mó éilimh sa tír. Is é Bealach Chill Mhantáin an rian marcáilte is sine in Éirinn. Ba é an siúlóir cáiliúil cnoc, J.B. Malone, a cheap an plean agus osclaíodh é i 1980. Tosaíonn Bealach Chill Mhantáin i mbruachbhaile theas Bhaile Átha Cliath, Ráth Fearnáin, sula lúbann is casann sé thar ardtailte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Gluaiseann sé ansin trí réchnoic dromacha Iardheisceart Chontae Chill Mhantáin, sula gcríochnaíonn sé i sráidbhaile beag, Cluain na nGall’ ar theorainn Contaetha Chill Mhantáin agus Cheatharlach 127km ón tosach. Cuireann an meascán de thalamh páirce bruachbhaile, cosáin foraoise, cosáin sléibhe agus ceantair réchnocacha dhroimneacha tuaithe eispéireas éagsúil a bhíonn dian go leor uaireanta ar fáil do shiúlóirí agus a mhairfidh idir 7 agus 10 lá. Ar an mbealach rachaidh tú thar lochanna áille, gairdíní iontacha, tithe móra galánta ón 18ú haois agus fothracha lonnaíochta mainistreach luath-Chríostaí.

tuilleadh a fháil amach

Cnoc Congreve

Port Láirge

Ós rud é go bhfuil beagnach 10 míle de shiúlbhealaí ar fáil anseo, tá rud éigin ann do shiúlóirí de gach cumas.
Bhí Ambrose Congreve chomh tiomnaithe dá ghairdíní gur bhuaigh sé 13 Bhonn Óir ar a laghad ag Seónna Bláthanna Chelsea. Tá na Gairdíní seo, a mheastar a bheith ar cheann de na cinn is fearr ar domhan, faoi chúram an stáit anois agus cuimsíonn siad timpeall 70 acra de choillearnach dianphlandáilte, gairdín múrtha 4 acra agus 16km de bhealaí siúl. Tá níos mó ná 3,000 crann agus tor éagsúil sa bhailiúchán, níos mó ná 2,000 Róslabhras, 600 Caiméilia, 300 Mailp de chineálacha éagsúla, 600 crann agus tom buaircíneach, 250 dreapadóir agus 1,500 planda luibheach gan trácht ar na speicis leochaileacha atá sa teach gloine Seoirseach.

tuilleadh a fháil amach

Naomh Declan agus an Aird Mhór

Port Láirge

Is fiú go mór an siúlóid aille 2.4 míle a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa sráidbhaile chun cuairt a thabhairt ar Thobar Naomh Déagláin - tógann sé níos lú ná 1 uair a’ chloig.
Sa 5ú haois, tháinig Naomh Déaglán go sráidbhaile na hAirde Móire - deirtear gur threoraigh cloch a iompraíodh ar na tonnta ansin é - agus bhunaigh sé mainistir. Is iad fothracha na háite sin an lonnaíocht Chríostaí is sine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt mhaith iarsmaí fágtha dá chathair mhainistreach.

Tá aireagal ón 8ú haois ann a gcreidtear go bhfuil an naomh curtha ann agus túr cruinn ón 12ú haois atá 29m ar airde a bhí mar chloigtheach agus mar áit dídine. Tá ardeaglais ón 12ú haois ann freisin, a bhfuil stuara Rómhánúil ann agus saothair snoíodóireachta ann a léiríonn radhairc ón Sean-Tiomna agus ón Tiomna Nua - rud atá an-neamhchoitianta in Éirinn. Taobh istigh den ardeaglais tá dhá chloch Ogham - an fhoirm scríbhneoireachta is luaithe in Éirinn.

tuilleadh a fháil amach

Com Seangán

Port Láirge

Bealach measartha 4.6 míle timpeall an droma is ea Siúlóid Lúb Chom Seangán - timpeall 2 uair an chloig.
Tá Com Seangán ar cheann de na samplaí is fearr de choire nó de chom san Eoraip, agus an rud is so-aitheanta i Sléibhte an Chomaraigh. Dóibh siúd a bhfuil dearmad déanta acu ar a gceachtanna Tíreolaíochta ar scoil, is logán i gcruth cathaoireach é coire a bhíonn le fáil ar thaobh sléibhe, in áit ar cruthaíodh oighearshruth. Ar feadh na siúlóide, gheobhaidh tú radhairc iontacha ar an loch dorcha 365m thíos uait. B’fhéidir go mbeidh radharc agat chomh fada soir le Droichead Abhainn na Siúire i gCathair Phort Láirge lá maith.
Bhí ceangal láidir ag foghlaí bóthair na 18ú haoise, William Crotty, leis an gceantar. Théadh sé i bhfolach ón dlí i bpluaiseanna anseo. Ní raibh críoch mhaith lena scéal, áfach. Gabhadh é faoi dheireadh, cuireadh ar a thriail é agus crochadh é. Cuireadh a cheann ar spíce taobh amuigh de phríosún an chontae mar rabhadh do dhaoine. Má tá am agat, is féidir leat a stór a lorg ag an loch agus san uaimh a ainmníodh ina dhiaidh.

tuilleadh a fháil amach

Siúlóidí Coillearnaí Bhaile na Cúirte

Loch Garman

Síneann 4 shiúlóid éasca a bhfuil marcanna treo leo tríd an gcoillearnach, agus gach ceann acu idir 1km agus 1.9km ar fad.
Cé gur sráidbhaile cois farraige é Baile na Cúirte den chuid is mó, soláthraíonn an choill 60 acra faoisimh scáthach do dhaoine ón trá in aice láimhe.
Le linn na 1860idí agus na 70idí, bhunaigh James Stopford, 5ú hIarla Courtown, pinetum nó coill crann giúise agus crann buircíneach ar thailte Theach Bhaile na Cúirte. I measc na gcrann atá fágtha óna bhailiúchán tá crónghiúis Chalifornia, cufróg eanaigh, Céadar Seapánach, Céadar na Liobáine agus flúirse crann giúise, iúir agus fíorchufróga. Bí ag faire amach do chrann iúir a cuireadh mar chuid den bhailiúchán, ach a leagadh blianta ó shin, atá ag fás i gcónaí in aice le Siúlóid na hAbhann.

tuilleadh a fháil amach

Teach Solais Rinn Duáin

Loch Garman

Bealach ciorclach siúil 3.7 míle ó Chuan An Slaod ar feadh chósta Leithinis Rinn Duáin síos go dtí an Teach Solais - thart faoi 2 uair an chloig agus níl sé ródheacair.
Maidir le tithe solais, níl stair níos faide ag aon cheann acu ó thaobh lucht na farraige a chosaint ná teach solais Rinn Duáin. Tá sé ann le breis agus 800 bliain agus is é an teach solais is sine ar domhan atá fós ag obair. Deirtear go mbíodh tine solais á lasadh ann ag manaigh mar rabhadh ón 6ú haois, ach creidtear gur thóg an ridire cumhachtach William Marshall an teach solais idir 1210 agus 1230 chun longa a threorú chuig a chalafort i Ross Mhic Thriúin. Tine guail a bhíodh mar sholas acu ar dtús go dtí gur cuireadh lampa ina ndóití ola míolta móra ina áit i 1791. Cuireadh solas gáis ina áit sin in 1871 agus i 1972, athraíodh an solas go ceann leictreach. I 1996, rinneadh uathoibriú iomlán ar an teach solais agus d’imigh an duine deireanach de na coimeádaithe solais.

tuilleadh a fháil amach