Nascann na láithreacha spioradálta seo ar fud Bhealaí na gCeilteach reiligiún, oidhreacht agus an saol mór amuigh faoin aer le chéile.

Seomra Adhlactha Pentre Ifan

Sir Benfro, an Bhreatain Bheag

Tá seomra adhlactha Pentre Ifan, in aice le Casnewydd (Sir Benfro) tógtha de na Clocha Gorma céanna ó Preseli a úsáideadh ina ‘dheartháir mór’ ag Stonehenge agus tá an rúndacht chéanna ag baint leo maidir lena bhfíorchuspóir. Meastar go coitianta gur seomra adhlactha comhchoiteann é, ach ní bhfuarthas aon rian de chnámha anseo riamh. Tugtar le tuiscint i teoiric eile gur leagan níos casta é de ghallán agus nach raibh i gceist ag na tógálaithe ach a gcuid scileanna a thaispeáint. Cibé an freagra atá fíor, níl dabht ar bith ann ach gur sampla iontach é Pentre Ifan de na modhanna tógála a bhí acu fadó. Tá an leac mhullaigh ollmhór 5 mhéadar ar fad, tá 15 thonna inti agus tá sí ina luí ar forbhás ar thrí ghallán le breis agus 5,000 bliain.

tuilleadh a fháil amach

Mainistir Strata Florida

Ceredigion, an Bhreatain Bheag

Tá mainistir Strata Florida, Gleann na mbláthanna i Laidin, nó ‘Ystrad Fflur’, mar a thugann muintir na háite uirthi, ina seasamh go suaimhneach ar bhruach Abhainn Teifi ó 1201. Bhunaigh manaigh Cistéirseach í agus ba ghearr go raibh sí beagnach chomh cáiliúil le heaglais Naomh Dáibhí agus ina bunchloch faoi chultúr na Breataine Bige. Tugann na fothracha leideanna dúinn faoi shaibhreas na mainistreach fadó. Ní gá ach breathnú ar an doras snoite sa stíl Rómhánúil a sheas idir corp na heaglaise agus an ard-altóir. Tugadh ‘Mainistir Westminster na Breataine Bige’ ar an áit toisc go bhfuil 11 phrionsa Dinefwr agus an file Dafydd ap Gwilym curtha ann.

tuilleadh a fháil amach

Mainistir Talley nó Abaty Talyllychau

Sir Gaerfyrddin, an Bhreatain Bheag

Tá iarsmaí fánacha Mhainistir Talyllychau suite i suíomh álainn in aice leis an dá loch Llyn Talyllychau Uchaf agus Llyn Talyllychau Isaf thart ar 10km ó thuaidh de Llandeilo. Bhunaigh an Tiarna Rhys é - prionsa cumhachtach na Breataine Bige sna 1180idí - do mhanaigh d’ord Naomh Norbart. Ba í seo an chéad mhainistir agus an t-aon mhainistir sa Bhreatain Bheag den ord seo agus ar an drochuair, ní an rath uirthi riamh a bhí ag na mainistreacha Cistéirseacha a bhí mar inspioráid aici.

Is é an túr, atá fós beagnach chomh hard is a bhí sé riamh, an ghné is suntasaí den mhainistir. Níor críochnaíodh an eaglais go hiomlán riamh mar gheall ar easpa airgid, cé go dtugann imlíne na mbonn léargas dúinn ar uaillmhian a dearaidh. Díscaoil Anraí VIII é faoi dheireadh sna 1530idí agus úsáideadh cuid mhór den chloch chun an sráidbhaile agus séipéal an lae inniu a thógáil.

Tá trí chonair siúil in aice láimhe a théann go hionad amhairc ónar féidir leat taitneamh a bhaint as radhairc iontacha ar na bhfothracha agus ar Ghleann Cothi.

tuilleadh a fháil amach

Naomh Déaglán agus Aird Mhór

Port Láirge, Éire

Sa 5ú haois, tháinig Naomh Déaglán go sráidbhaile na hAirde Móire - deirtear gur threoraigh cloch a iompraíodh ar na tonnta ansin é - agus bhunaigh sé mainistir. Is iad fothracha na háite sin an lonnaíocht Chríostaí is sine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt iarsmaí fágtha dá chathair mhainistreach.

Tá aireagal ón 8ú haois ann agus creidtear go bhfuil an naomh curtha ann agus túr cruinn ón 12ú haois atá 29m ar airde, a bhí mar chloigtheach agus mar áit dídine. Tá ardeaglais ón 12ú haois ann freisin, a bhfuil stuara Rómhánúil ann agus saothair snoíodóireachta ann a léiríonn radhairc ón Sean-Tiomna agus ón Tiomna Nua - rud atá an-neamhchoitianta in Éirinn. Taobh istigh den ardeaglais tá dhá chloch Ogham - an fhoirm scríbhneoireachta is luaithe in Éirinn.

Is fiú go mór siúlóid 4km na n-aillte a dhéanamh a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa tsráidbhaile chun cuairt a thabhairt ar Thobar Naomh Déagláin, áit a bhfuil ómós tugtha ag oilithrigh leis na céadta bliain ar an 24 Iúil, lá féile an naoimh.

tuilleadh a fháil amach

Conairí Tinteirn

Loch Garman, Éire

Tosaíonn na 4 siúlóid lúbtha seo ó cheann na conaire ag Mainistir Thinteirn, agus is féidir leat gluaiseacht trí meascán de choillte ciúine nó ar bhealaí cois cósta. Tógann na conairí idir 20 nóiméad agus 2 uair an chloig lena siúil, agus is féidir leat cuid de bhuaicphointí Leithinis Rinn Duáin a fheiceáil orthu: Mainistir Thinteirn, Gairdín Múrtha Colcough agus Sráidbhaile Mhuileann an tSáile. Ba cheart do dhaoine a bhfuil grá acu don bhfiadhúlra bheith ag faire amach do cruidíní, éigrití, clamhain, ioraí rua agus sciatháin leathair ar na conairí intíre agus d’éin mhara imirceacha mar na Cadain ar feadh an chósta.

tuilleadh a fháil amach