Deirtear, má sheasann tú idir Ynyslas agus Aberdyfi ag breathnú amach ar Bhá Chairdeagain lá ciúin, b’fhéidir go gcloisfeá torann clog á mbualadh ag teacht chugat ó go domhain faoi na tonnta. An é do shamhlaíocht féin a bheadh ann, nó an bhféadfadh sé go bhfuil tú ag éisteacht le cloig eaglaise báite Cantre'r Gwaelod?

De réir an fhinscéil, bhíodh ríocht Cantre’r Gwaelod mar a shíneann Cuan Chairdeagain anois ar feadh chósta na Breataine Bige. Ba ríocht thorthúil, rathúil a bhí ann agus ar a laghad 16 chathair inti ina raibh daonra mór iontu. Ach bhí sé íseal agus mar sin, tógadh roinnt claífoirt géara agus ballaí chun an talamh a chosaint ar thuilte. Bhí córas loc-chomhlaí ann freisin chun ligean d’uisce dul isteach sa ríocht d’fhonn na tailte féaraigh a uisciú. 

Rialaigh Gwyddno Garanhir an ríocht agus rinne sé chaomhnóir na gcosaintí farraige dá chara Seithennin. Bhíodh ar seisean a chinntiú go ndúnfaí na loc-chomhlaí gach oíche. Tar éis oíche mhór ragairne i bpálás an rí, áfach, bhí Seithennin ar meisce agus thit sé isteach ina  leaba gan féachaint an raibh na geataí dúnta.

content-img

Ar an drochuair, tharla gur oíche mhór stoirme a bhí ann an oíche sin agus bhris rabharta trí na cosaintí. Bádh Cantre’r Gwaelod go tapa agus bhí ar na daoine éalú suas ar na cnoic.

Faoi mar atá i gcas formhór na bhfinscéalta, tá sé deacair a rá cad is ficsean agus cad atá fíor. Deir cuid acu gur parabal é scéal Cantre’r Gwaelod chun rabhadh a thabhairt do dhaoine faoi na contúirtí a bhaineann leis an iomarca a ól. Mar sin féin, tá fianaise le feiceáil gur imigh talamh ina mbíodh daoine ina gcónaí faoi na tonnta le linn na tréimhse ina bhfuil an scéal suite. Tá gach seans ann gur tharla an tuile seo mar gheall ar leibhéil na farraige a bheith ag ardú ag deireadh na hoighearaoise deireanaí.

Chomh maith leis na stumpaí d’fhoraois ársa bháite a bhíonn le feiceáil nuair a bhíonn lag trá an-íseal ann ag Ynyslas. Fuair seandálaithe siúlbhealach adhmaid a tógadh idir 3,000 agus 4,000 bliain ó shin agus is dócha gur tógadh é chun go bhféadfadh muintir na háite leanúint orthu ag maireachtáil i dtimpeallacht a bhí á bá níos mó is níos mó.  Fuarthas lorga cos daoine agus ainmhithe caomhnaithe i gciseal barr móna a bhí cruaite, mar aon le clocha dóite a tháinig ó thinteáin ársa.

Chun an fhoraois chlochaithe agus fianaise eile ar an ‘ríocht chaillte’ seo a fheiceáil, molaimid duit dul go Ynyslas i rith an gheimhridh, nuair a scuabann na taoidí láidre níos mó den ghaineamh chun siúil. Is é sráidbhaile álainn iascaireachta Aberdyfi suas an bóthar atá mar ábhar don amhrán tíre Breatnaise, Clychau Aberdyfi nó ‘Cloig Aberdyfi’, a thagraíonn do finscéal Cantre’r Gwaelod.

 

Ceangail Cheilteacha 

Tá cruthúnas ann freisin faoii 'thírdhreacha caillte' ar an taobh thiar de Mhuir Éireann amach ó Ynyslas.  Ag lag tránna an-ísle bíonn foraois iontaisithe 6,000 bliain d’aois le feiceáil amach ó Thrá Thuaidh Bhré.  Tá taighdeoirí mara tar éis tuilleadh taiscéalaíochta a dhéanamh faoin bhfarraige ag iarraidh teacht ar rian na gcéad lonnaitheoirí Éireannacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcónaí ann tráth. Is léir ó na tírdhreacha caillte seo go raibh cladaí na Breataine Bige agus na hÉireann i bhfad níos gaire dá chéile ná mar atá siad inniu.