Naomh Caoimhín agus Gleann Dá Loch

Naomh Caoimhín agus Gleann Dá Loch

Meallann an áilleacht gan srian atá i nGleann Dá Loch agus síocháin mar shíocháin na bhflaitheas atá le haireachtáil ann beagnach trí cheathrú milliún cuairteoir chun na háite gach bliain. Ba iad sin a thug ar Naomh Caoimhín teacht anseo sa 6ú haois agus 7 mbliana a chaitheamh ina aonar ann sular bunaigh sé an mhainistir.

Roghnaigh sé cónaí in uaimh a bhí méadar ar airde cois cladaigh an locha uachtair. Tá Leaba Naomh Caoimhín fós le feiceáil ón gcladach thuaidh. Deirtear nár chaith sé ach craicne ainmhithe, agus gur chaith sé amach iad sa gheimhreadh chun é féin a thumadh ar feadh uaireanta fada in uisce reoite an locha, agus, chun pionós mar é a dhéanamh i rith an tsamhraidh, chaitheadh sé é féin isteach i leapacha móra neantóg.

Bhí grá domhain ag Naomh Caoimhín don dúlra agus meas aige ar gach dúil bheo. De réir finscéil amháin, agus é ag guí ina chillín lena lámh sínte amach, rinne lon dubh nead ina lámh. B’éigean do Chaoimhín a lámh a choinneáil ansin amhail is dá mbeadh támhnéal air go dtí go gur tháinig na gearrcaigh amach as na huibheacha, gur tháinig clúmh agus cleití orthu agus gur eitil siad leo. 

content-img

Chuir sé fáilte roimh daoine freisin. In ainneoin 7 mbliana a chaitheamh san uaigneas tugadh aitheantas dó mar dhuine naofa agus mar mhúinteoir. Tháinig daoine eile go Gleann Dá Loch chun a shlí mhaireachtála a leanúint agus go luath bunaíodh mainistir a bheadh ar cheann de mhórionaid spioradálta na Críostaíochta in Éirinn.

Chuir Caoimhín agus a chuid manach oideachas agus bia saor in aisce ar fáil d’uaisle agus don chosmhuintir araon. Murab ionann agus go leor mainistreacha eile, bhí siad sásta glacadh leo siúd nach raibh sé ar intinn acu a bheith ina manaigh ach ar mhian leo bheith ag foghlaim. Tharraing siad conspóid i measc na n-eaglaisigh níos traidisiúnta trí shaothair ‘amhrasacha’ phágánacha  sa Ghréigis nó sa Laidin a chur ina leabharlanna. 

Is minic a deirtear gur ghluais Caoimhín ó bheith scoite amach ó dhaoine go bheith i lár chomhluadair agus is féidir cuid mhaith den aistear sin a rianú fós i nGleann Dá Loch. Fiú amháin más rud é go bhfuil an áit ar cheann de na seoda turasóireachta is mó in Oirthear Ársa na hÉireann, nó fiú in Éirinn go léir, ní bheidh ort imeacht rófhada chun an suaimhneas agus an spioradáltacht a aireachtáil a spreag manaigh le teacht anseo na céadta bliain ó shin.

 

Ceangail Cheilteacha 

B’fhéidir gurb é Naomh Pádraig an nasc is láidre atá idir Éire agus an Bhreatain Bheag. Cé go nglactar leis ar fud an tsaoil gurb é Naomh Pádraig naomhphátrún na hÉireann - agus bíonn go leor tíortha eile ag ceiliúradh a fhéile ar an 17 Márta - is é an rud nach bhfuil ar eolas ag a lán daoine ná nár rugadh é in Éirinn ar chor ar bith. Déata na fírinne, tá fianaise ann a thugann le tuiscint gur rugadh é i gcuid d’Iarthar na Breataine nó i nDeisceart na Breataine Bige mar a thugtar air inniu agus go labhraíodh sé an teanga ónar eascair an Bhreatnais. An ionann é sin is a rá go raibh Naomh Pádraig ina Bhreathnach? Ní féidir é sin a rá go baileach. Ní raibh an Bhreatain Bheag ann, mar is eol dúinn í, nuair a bhí sé beo. Agus i ndeireadh na dála, thuig sé na hÉireannaigh go dian-mhaith agus glactar leis inniu mar léiriú cruthanta ar gach rud Éireannach.