Fáilte go Bealach Chill Mhantáin // Rachel Broomhead

.

**Itinerary**

Fáilte go Bealach Chill Mhantáin // Rachel Broomhead

Tòisich
1. **Day** #1
Lá 1, Dé Luain an 13ú lá

Bád Farantóireachta ó Holyhead go Baile Átha Cliath
Seoladh an chalafoirt farantóireachta:
Terminal One, Holyhead, Anglesey, LL65 2BU

An t-am is déanaí le seiceáil isteach: 10:30
Imeacht ó Holyhead: 11:30
Sroicheann Baile Átha Cliath: 13:45

Tagairt áirithinte: 30159900
Beidh an uimhir seo uait chun seiceáil isteach

Sroicheann Baile Átha Cliath:

Beidh roinnt ama agat ón uair a thagann an bád farantóireachta agus an chéad traein eile go Ráth Droma, mar sin ná bíodh leisce ort cúpla uair an chloig a chaitheamh ag iniúchadh Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh tú tacsaí thógáil isteach i gcathair Bhaile Átha Cliath ón gcalafort agus ar ais go dtí an stáisiún traenach. Tabharfaimid aisíocaíocht duit.

Taisteal go stáisiún traenach Uí Chonghaile
Seoladh:
An Duga Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, Éire

Traein ó Stáisiún Uí Chonghaile go Ráth Droma
Imeacht ó Stáisiún Uí Chonghaile: 16:33
Sroicheann Ráth Droma: 18.02
(Is é Ros Láir ceann scríbe na traenach)

Thar oíche @ Stirabout Lane B&B i Ráth Droma (Leaba agus bricfeasta san áireamh)
Seoladh: An Phríomhshráid, Baile Íosaigh Íochtarach, Ráth Droma, Co. Cill Mhantáin, A67 EF84, Éire
Tá sé níos lú ná 1km ón stáisiún traenach.

Moladh faoi dhinnéar: Jacob's Well (Teach tábhairne mar chuid d’óstán)
Seoladh:
An Phríomhshráid, Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin, Éire
Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch.
*Coinnigh d’admhálacha agus aisíocfaimid tú

 

Eolas ar Chonair Chill Mhantáin:
Tá tá Contae Chill Mhantáin – ar a dtugtar Gairdín na hÉireann – díreach ó dheas ó Bhaile Átha Cliath. Tá ceantar garbh cósta ann, coillearnacha agus sléibhte mórthaibhseacha trína shíneann an chonair. Is í seo an chonair is mó a shiúlann daoine uirthi. Is é Bealach Chill Mhantáin an chonair marcáilte is sine in Éirinn. Ba é an siúlóir cnoic clúiteach JB Malone, a chéad cheap an plean agus osclaíodh é in 1980. Tosaíonn Bealach Chill Mhantáin i Ráth Fearnáin bruachbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus síneann sé thar ardtailte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, ansin trí droimeanna réchnocacha iardheisceart Chontae Chill Mhantáin, go dtí go gcríochníonn sé i sráidbhaile beag Chluain na nGall ar an teorainn idir Cill Mhantáin agus Ceatharlach, turas 127km. Cuireann meascán de thalamh páirce fo-uirbeach, conairí foraoise, cosáin sléibhe agus faoi dheireadh tuath droimneach taithí éagsúil 7-10 lá a bhíonn dian in áiteanna ar fáil do shiúlóirí. Ar an mbealach rachaidh tú thar lochanna áille, gairdíní iontacha, tithe móra galánta ón 18ú haois agus fothracha mainistreach ó ré na luath-Chríostaíochta.

2. **Day** #2
Lá 2, Dé Máirt an 14ú lá

Déanfar málaí thar oíche a iompar chuig gach óstán duit agus ar aghaidh arís go dtí an chéad óstán eile. Fág do mhálaí slán ag an deasc fáiltithe le do thoil agus iomprófar iad agus beidh siad ullamh duit nuair a shroichfidh tú an chéad ionad oíche eile.
Sonraí
: https://wicklowwaybaggage.com/
Is í Theresa Stacey an teagmhálaí: +353 86 2698659

Bailigh do lón sula rachaidh tú ag siúl: ó siopa beag in aice le Stirabout Hotel

Siúil ó Bhealach na hAbhann Móire go Larah/Gleann Dá Loch – timpeall. 15km
Léarscáil
https://www.plotaroute.com/route/1687657

Buailfidh Frederic Verdier leat maidin Dé Máirt chun cuid den bhealach a shiúil leat agus chun léarscáileanna a sholáthar duit le haghaidh gach siúlóid lae.
Uimhir theagmhála:
+353879089639

Teacht go Gleann Dá Loch

Eolas: Ghearr oighearshruthanna Gleann dá Loch amach le linn na hOighearaoise ba dhéanaí áit a bhfeicfidh tú áilleacht gan smál agus ina n-aireoidh tú suaimhneas na bhflaitheas. Ní haon ionadh gur bhunaigh Naomh Caoimhín mainistir anseo sa 6ú haois. Deirtear gur chaith sé seacht mbliana ina aonar i bpluais ar an Loch Uachtair, ar a dtugtar Leaba Chaoimhín.

Fiú amháin más rud é go bhfuil an áit ar cheann de na seoda turasóireachta is mó in Oirthear Ársa na hÉireann, nó fiú in Éirinn go léir, ní bheidh ort imeacht rófhada chun an suaimhneas agus an spioradáltacht a aireachtáil a tharraing manaigh anseo na céadta bliain ó shin.

Thar oíche @ Wicklow Heather (Leaba agus bricfeasta san áireamh)
Seoladh: Heather House, An Baile Ard, Láithreach, Co. Chill Mhantáin

Béile tráthnóna: 7pm ag Wicklow Heather Restaurant
Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch.
Glanfaimid do bhille.

3. **Day** #3
Lá 3, Dé Céadaoin an 15ú lá

Lón pacáilte: Is féidir leis an Heather Hotel lón pacáilte a chur ar fáil duit le tabhairt ar an tsiúlóid, iarr é sin orthu nuair a sheiceálann tú isteach agus cuir in iúl dóibh cad ba mhaith leat.

Siúil bealach na Spince thart ar Ghleann Dá Loch agus Bealach Chill Mhantáin go dtí An Tóchar – timpeall 20km.
Léarscáil
https://www.plotaroute.com/route/1687770

Eolas: Is féidir breathnú ó dhroim na Spince síos ar áilleacht iontach Ghleann Dá Loch. Turas dian atá ann ach ní hamháin go mbeidh radhairc iontacha agat ar an nGleann ach de réir mar a dhreapann tú níos airde beidh radharc ar Thailte Arda Chill Mhantáin mar luach saothair agat. Síneann an chonair go géar in airde ar chosán Pholl an Easa sula mbuaileann sí le clárchosán agus le céimeanna adhmaid chuig pointe radhairc iontach os cionn an Locha Uachtair.

Teacht go dtí An Tóchar

Thar oíche @ Wicklow Way Lodge (Leaba agus bricfeasta san áireamh)
Seoladh: Wicklow Way Lodge, Oldbridge, An Tóchar, Co Chill Mhantáin. A98 K702

Béile tráthnóna: 7pm ag The Coach House
4km ón Wicklow Way Lodge. Eagróimid tacsaí duit ón Wicklow Way Lodge chun tú a thabhairt ann agus a thabhairt ar ais arís tar éis do bhéile.
Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch.
*Coinnigh d’admhálacha agus aisíocfaimid tú

4. **Day** #4
Lá 4, Déardaoin an 16ú lá

Lón pacáilte: Is féidir leis an Wicklow Way Lodge lón pacáilte a chur ar fáil duit le tabhairt ar an tsiúlóid, iarr é sin orthu nuair a sheiceálann tú isteach agus inis dóibh cad ba mhaith leat.

Siúl Bealach Chill Mhantáin ó Ráth Droma go hÁth na Sceire – timpeall 20km
Léarscáil
https://www.plotaroute.com/route/1687783

Thar oíche @ Coolakay House (Leaba agus bricfeasta san áireamh)
Seoladh: Powerscourt Waterfall Road, Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin

Béile tráthnóna: 7pm ag The Enniskerry Inn
Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch.
*Coinnigh d’admhálacha agus aisíocfaimid tú

Tiomáinfidh Yvonne ó Coolakay House tú síos go dtí an Enniskerry Inn agus tabharfaidh sí uimhir duit chun glaoch ar thacsaí fillte.
*Coinnigh d’admháil tacsaí, aisíocfaimid tú


*Keep your taxi receipt, we will reimburse you

5. **Day** #5
Lá 5, Dé hAoine an 17ú

Lón pacáilte: Is féidir leis an Coolakay House lón pacáilte a chur ar fáil duit le tabhairt ar an tsiúlóid, iarr é sin orthu nuair a sheiceálann tú isteach agus inis dóibh cad ba mhaith leat.

Siúl an Sugarloaf Way ó Áth na Sceire go Bré (20k)
Léarscáil
 https://www.plotaroute.com/route/1687792

Eolas: Nascann agus leathnaíonn an chonair iontach nua seo roinnt chosán aitheanta eile agus déanann siúlóid fhada dhúshlánach díobh. Síneann an tsiúlóid seo thar tír-raon éagsúil. Is féidir leat a bheidh ag súil le dreapadh garbh sléibhe agus siúl ar chosáin réidhe ciúine fhoraoise, tailte méithe feirme agus bóithre tuaithe. Is féidir le siúlóir a bhfuil taithí aige nó aici an turas seo a dhéanamh i lá amháin agus an chuid is fearr de thírdhreacha Chill Mhantáin a fheiceáil, ó radhairc farraige a bhainfeadh stad asat go radhairc iontacha tuaithe a shíneann thar páirceanna agus sléibhte agus spéir-dhreacha ós a gcionn.

Thar oíche @ Martello Hotel Bray (Leaba agus bricfeasta san áireamh)
Seoladh: 47 Bóthar na Trá, Bré, Co. Chill Mhantáin, Éire

Béile tráthnóna: 8:30 ag an Martello Restaurant
Bain sult as béile trí chúrsa agus alcól le do bhia más maith leat deoch. Glanfaimid do bhille.

6. **Day** #6
Lá 6, Dé Sathairn an 18ú lá

Seiceáil amach as an óstán

 

*Má bhíonn aon fhadhb nó ceist agat, cuir glaoch ar Esme ag 07835713273 ag aon am nó ar Frederik ag +353879089639


Coinnigh admhálacha maidir le béilí tráthnóna gach oíche (nuair nach bhfuil siad íoctha againn cheana féin), páirceáil (nuair is féidir), admhálacha peitril agus nóta den mhíleáiste iomlán agus tabharfar aisíocaíocht duit.

Crìochnaich