Tá roinnt easanna áille, idir bheag agus mhór, breactha ar fud na gcontaetha a dtéann Bealaí na gCeilteach tríothu. Ó na heasanna draíochtacha a thiteann go réidh síos an gleann ó loch oighreach mórthaibhseach Llyn y Fan Fach, go hEas Cenarth, is léiriú ar chumhacht dhochreidte an dúlra nuair a bhíonn rabharta ar an abhainn. Ní gan ábhar a thugtar tír na n-easanna ar an chuid seo den domhan.
Tá sráidbhaile gleoite Cenarth suite ar theorainneacha trí chontae - Sir Gaerfyrddin, Ceredigion agus Sir Benfro. Is é an príomhdhíol spéise ó aimsir Victeoiria ná cascáid na n-easanna ar Abhainn Teifi. Tagann cuairteoirí ó chian is ó chóngar san fhómhar chun féachaint ar an radharc suimiúil iontach na mbradán ag léim in airde in aghaidh an tsrutha. Déanann na bradáin atá ag filleadh ón aigéan a míle dícheall léim thar na heasanna agus gluaiseacht suas an abhainn chun a gcuid uibheacha a sceitheadh. Tá Cenarth ar cheann den líon beag áiteanna atá fágtha sa Bhreatain ina n-úsáidtear curacháin fós. Baineann iascairí leas as na báid bheaga seo a bhfuil tóin chruinn orthu, agus atá déanta de shaileach nó d’fhuinseog fite agus clúdaithe le hábhar uiscedhíonach, chun gluaiseacht le sruth síos an abhainn chun breith ar bhradáin agus bric gheala.
Feicfidh tú loch oighreach álainn Llyn y Fan Fach ar an taobh thiar de Pháirc Náisiúnta Bannau Brycheiniog. Tá baint ag an loch le finscéal ‘Bhantiarna an Locha’ ón14ú haois. Sa scéal seo, pósann feirmeoir óg bean álainn a tháinig aníos ón loch agus tugann gealltanas di nach mbuailfeadh sé 3 huaire í. Tar éis dó í a bhualadh 3 huaire (bíodh is nach raibh fearg air riamh), filleann sí ar an loch. Tagann sí ar ais ar feadh tamaillín chun chomhairle a chur ar a mic, a théann ar aghaidh chun bheith ina ndochtúirí. ‘Lianna Myddfai’ a dtugtar orthu inniu.
Faoi bhun na gcnoic tá an baile gleoite margaidh Llandovery. Is ansin a fheicfidh tú dealbh de Llywelyn ap Gruffydd Fychan, atá déanta as cruach dhosmálta agus atá 5 mhéadar ar airde. Tugtar ‘Braveheart’ na Breataine Bige air toisc gur chuir Henry IV chun báis é tar éis dó tacú le hOwain Glyndŵr.
Tá trí dhroichead faoi leith ag síneadh thar easanna 90m Abhainn Mynach - tógadh iad os cionn a chéile idir an 11ú agus an 19ú haois. De réir an fhinscéil, thóg an Diabhal féin an droichead bunaidh mar gur obair ródheacair a bheadh ann do dhaoine daonna. D’aontaigh sé an droichead a thógáil mar mhalairt ar anam an chéad duine a thrasnódh an droichead. Mar sin féin, bhuail seanbhean ghlic bob air agus díbríodh ón tír é go deo.
Gluaiseann Abhainn an Saith le fána thar na haillte agus síos ar an trá – beidh sé go hiontach má bhíonn cithfholcadh fíoruisce uait i ndiaidh a bheith ag snámh san fharraige!
Ar ardchlár na Sléibhte Caimbriacha, gar do Linnte iargúlta Teifi, sileann ceann d’easanna rúnda Ceredigion isteach i linn shuaimhneach, áit a níodh fathach a lámha de réir finscéil.
Cé go mbíonn siad go hiontach ag am ar bith den bhliain, bíonn Easanna na Machan thar a bheith éachtach tar éis báisteach throm, nuair is féidir an t-uisce a fheiceáil ag titim le fórsa ollmhór anuas thar aghaidh ghéar na carraige go dtí na linnte cúpla céad troigh thíos faoi. I ndoimhneacht an gheimhridh, tar éis sioc agus sneachta trom, reonn na hEasanna go hiomlán ó am go chéile agus is féidir dreapadóirí oighir a fheiceáil ag baint tairbhe as an bhfeiniméan seo.
Suite ag bun Shléibhte Chill Mhantáin, is é Eas Chúirt an Phaoraigh an ceann is airde in Éirinn ó titeann sé 121m (398 troigh). Tá sé suite 5 chiliméadar ó Eastát agus Gairdíní Chúirt an Phaoraigh.
Agus tú ag tiomáint leat ó theach an gheata i dtreo an easa beidh crainn Feá, Darach, Learóige agus Ghiúise timpeall ort, cuid acu a cuireadh breis agus 200 bliain ó shin. Bí ag faire amach do na Mórghiúiseanna Dúdacha, arb é Tuaisceart California a dtír dhúchais agus a fhásann chomh hard le 80 méadar ar airde.
Leanann Abhainn Ghleann Log an Easa Seanbhóthar an Airm ó Bhearna Bhealach Sailearnáin go Láithreach agus Gleann Dá Loch. Is radharc é Eas Ghleann Log an Easa a bhainfeadh an anáil díot agus stopann a lán cuairteoirí atá ag tabhairt turas ar ardtailte Chnoic Chill Mhantáin chun grianghraif a thógáil de.