Buaicphointí Ceilteacha

Buaicphointí Ceilteacha

Buaicphointí Ceilteacha

Tá ár mBuaicphointí Ceilteacha ar chuid de na háiteanna is fearr chun na radhairc, na fuaimeanna agus na scéalta a chuir cruth ar na tailte seo a aimsiú. Is cuid aonarach de mhósáic na n-eispéireas atá ar fáil gach ceann de na buaicphointí seo. Mar a chuireann tú le chéile iad seo, gheobhaidh tú léargas ar iomlán na réigiún agus iomlán na ndaoine atá ionainn inniu - agus a bheidh ionainn amach anseo.

Is cuid dár seoda iad roinnt de na háiteanna seo. Ach ní thiocfaidh tú ar an gcuid eile acu ach amháin trí na cúlbhóithre a thógáil, an gléas loingseoireachta satailíte a mhúchadh agus a bheith ag brath ort féin (agus ar léarscáil seanfhaiseanta, b’fhéidir). Dá fhad a imeoidh tú ón gcosán dearg, is fearr an aithne a chuirfidh tú orainn.  Seans go gcruthóidh tú do Bhealach Ceilteach féin, fiú.

Scagairí
Tír
Contae