In Ionad Oidhreachta an Leasa Mhóir roinntear léargas ar an stair agus an oidhreacht iontach atá ag Lios Mór. Agus suíomh gleoite aige ag bun Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh i gCo. Phort Láirge, tá clú agus cáil ar an mbaile seo mar gheall ar an gCaisleán iontach Lios Mór (c1185). I measc buaicphointí an eispéiris cuartaíochta anseo tá Turais Tumthacha, Daoine Cáiliúla, Eolaíocht is Réaltacht Fhíorúil agus Treoraithe Áitiúla. Faigh amach faoi conas mar a cuireadh deantáin ríluachmhara i bhfolach agus iad ligthe i ndearmad ansin le breis agus 200 bliain.