Cuireann na Conairí Ceilteacha taispeántas iontach ar siúl ag tús an fhómhair nuair a líontar iad le dathanna bríomhara dearga, ómra, óir agus cré-umha. Agus cén bealach is fearr le taitneamh a bhaint as an am álainn seo den bhliain ná dul ar shiúlóid?

Seo roinnt conairí thar na Bealaí Ceilteacha a thaispeánann an fómhar ina ghlóir go léir.

Coedwig (Coillte) Mynwear

Sir Benfro, an Bhreatain Bheag

Tá Láithreán Sainspéise Eolaíochta (SSSI), Coedwig Mynwear atá suite i bPáirc Náisiúnta Chósta Sir Benfro, gar d’Arberth. Suite congarach d’Inbhear Cleddau, soláthraíonn an meascán de sháile agus d’fhíoruisce gnáthóg éagsúil don fhiadhúlra. Bí ag faire amach ón láthair amhairc os cionn an inbhir d’éin a mhaireann cois uisce mar an corr réisc agus an cruidín agus le haghaidh éin choillearnaí mar an mórchnagaire breac is an beangán. Cothaíonn an choillearnach réimse leathan flóra freisin. I rith an fhómhair, cuireann dathanna lonracha na ndarach dearg agus na gcrann feá, chomh maith leis na fungais, a mbíonn cruthanna aisteacha, iontacha orthu, féasta ar fáil do na súile.

tuilleadh a fháil amach

Cors Caron (Portach Caron)

Ceredigion, an Bhreatain Bheag

Gluais leat thar na cosáin bhoird ag Tearmann Dúlra Náisiúnta Cors Caron. Limistéar 2,000 acra de bhogach in aice le Tregaron is ea é seo a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis. Cuimsíonn an tearmann 3 phortach ardaithe - ceantair de mhóin dhomhain a carnadh thar thréimhse 12,000 bliain. Tá sé ar cheann de na córais portaigh ardaithe is fearr sa Bhreatain. Cothaíonn na leapacha giolcach nár cuireadh isteach orthu, féarthailte fliucha, coillearnach, aibhneacha, sruthanna agus locháin éagsúlacht fiadhúlra agus cruthaíonn na dathanna dearga, buí agus donna a bhíonn ag síorathrú codarsnacht iomlán leis na cnoic ghlasa máguaird. Is radharc drámatúil é an bogach mór ag am ar bith ach bíonn iontas faoi leith ag na dathanna sa bhfómhar. Ar an bhfiadhúlra a d’fhéadfeá a bheith ag súil lena fheiceáil ag an am seo den bhliain tá dobharchúnna, cait choille, raon éan a chaitheann an geimhreadh ann lena n-áirítear gobadáin agus naoscacha, agus éin chreiche lena n-áirítear cromáin na gcearc agus spioróga.

tuilleadh a fháil amach

Gleann Tywi

Sir Gaerfyrddin, an Bhreatain Bheag

Is iomaí ábhar spéise oidhreachta agus cultúrtha atá ar fáil i nGleann Tywi agus iad suite i gcuid de na radhairc tíre is tarraingtí sa Bhreatain Bheag. Suite ar charraig aolchloiche 90 méadar ar airde, tá fothracha chaisleán Carreg Cennen ina ndíol suntais ar an spéirlíne san taobh sin tíre. Tá Caisleán Dryslwyn (Castell y Drysllwyn) tógtha ar chnoc creagach eile, agus beidh baint aige go deo le prionsaí Deheubarth. Is mór idir gairdíní Eilíseacha Aberglasney agus gairdíní ollmhóra an Ghairdín Luibheolaíoch Náisiúnta, bíodh is nach bhfuil siad ach cúpla nóiméad óna chéile. Ina theannta sin, tá roinnt réadmhaoine de chuid an Iontaobhais Náisiúnta sa cheantar, mar Thúr Nua-Ghotach Paxton agus Teach Newton, i gcroílár Eastát Dinefwr. Tagann beatha nua sa ghleann féin sa bhfómhar nuair a thagann dathanna donna teo ar na droimeanna réchnocacha agus dathanna oráiste ar an gcoillearnach. Bí ag faire go géar agus seans go bhfeicfidh tú Cúir Rua ar do bhealach.

tuilleadh a fháil amach

Siúlóidí Choillearnach Bhaile na Cúirte

Loch Garman, Éire

Cé gur sráidbhaile cois farraige é Baile na Cúirte den chuid is mó, soláthraíonn an choill 60 acra faoisimh scáthach do dhaoine ón trá in aice láimhe. Le linn na 1860idí agus na 70idí, chruthaigh James Stopford, 5ú hIarla Courtown, pinetum nó coill crann giúise agus crann buircíneach ar thailte Theach Bhaile na Cúirte. Ach chuir sé spéis in i bhfad níos mó ná crainn ghiúise agus i measc na speiceas eile ina bhailiúchán tá crónghiúis Chalifornia, cufróg eanaigh, Céadar Seapánach, Céadar na Liobáine, crainn iúir agus a lán, lán eile. Bí ag faire amach do chrann iúir a cuireadh mar chuid den bhailiúchán, ach a leagadh blianta ó shin, atá ag fás i gcónaí in aice le Siúlóid na hAbhann. Sa bhliain 1870, cuireadh dair agus fuinseog sa choillearnach níos faide ón teach. Ba ghnáthrud é sin i gcás coillearnacha in eastáit Victeoiriacha; chuirtí na crainn buaircíneacha coimhthíocha agus na crónghiúisí in áiteanna ina mbeadh siad le feiceáil ón teach agus na crainn darach níos faide amach.

tuilleadh a fháil amach

Gleann Mór Ghleann Dá Loch

Cill Mhantáin, Éire

Is gleann oighreach é Gleann Dá Loch a bhfuil cáil air de bharr na mainistreach a bunaíodh sa séú haois agus de bharr na radharca áille sléibhtiúla atá ann lena lochanna gruama doimhne mar aon le haibhneacha ag gluaiseacht le fána agus easanna ag titim go glórach. Fiú amháin más rud é go bhfuil an áit ar cheann de na seoda turasóireachta is mó in Oirthear Ársa na hÉireann, nó fiú in Éirinn go léir, ní bheidh ort imeacht rófhada chun an suaimhneas agus an spioradáltacht a aireachtáil a spreag manaigh le teacht anseo na céadta bliain ó shin. Tá an fhómhar ar cheann de na hamanna is fearr chun cuairt a thabhairt air de réir mar a thagann dathanna saibhre donnrua, oráiste agus buí ar na crainn dhuillsilteacha agus an raithneach agus ó bhíonn séasúr na reithíochta ann bíonn na fianna le feiceáil níos minice.

Tá Gleann Dá Loch suite ar an gconaire siúil marcáilte is sine in Éirinn, Bealach Chill Mhantáin. Tugtar gairdín na hÉireann ar an gcontae agus gluaiseann an chonair ar feadh an chósta, trí choillearnacha, gar do shléibhte maorga, lochanna agus gairdíní iontacha agus eastáit ghalánta ón 18ú haois atá le fáil anseo is ansiúd.

tuilleadh a fháil amach

Túir agus Coillearnach Bhaile na Sagart Mór

Port Láirge, Éire

Tá na foirgnimh iontacha seo sa stíl ghotach suite in aice le Lios Mór, agus coillearnacha dlútha, éagsúla timpeall orthu mar aon le conairí siúil agus láithreacha phicnicí. Cruthaíonn na túir dhraíochta suíomh mar a bheadh i scéal sí ach is brónach an codarsnacht a chruthaíonn siad i stair bhrónach na háite óir tógadh iad nuair a bhí dream amháin ag caitheamh airgid go tréan agus daoine eile ag fulaingt ocrais. Tógadh iad le haghaidh Tiarna Talún Angla-Éireannach, Arthur Keily-Ussher tráth nach déanaí ná 1834. Bhí eastát de thart ar 8000 acra aige, agus bhí a bhformhór ar cíos ag tionóntaí, ach choinnigh sé timpeall 1000 acra mar dhiméin pearsanta. Bhí sé i gceist caisleán mór a thógáil agus caitheadh raidhse airgid ar na túir gheata ar na bealaí isteach ach ba iad sin an t-aon chuid a críochnaíodh mar tháinig deireadh leis an airgead go gearr ina dhiaidh sin.

tuilleadh a fháil amach