Cuid is ea an scéal seo de  scéal níos faide Culhwch agus Olwen, ina dtiteann an ridire óg Culhwch i ngrá le Olwen, iníon drochfhathaigh, agus iarrann cead air í a phósadh. Leagann athair Olwen sraith thascanna dúshlánacha síos do Culhwch, a chaithfidh sé a chur i gcrích chun í a phósadh.

Ba é an tasc is deacra ar fad a leag sé síos dó ná an cíor draídochta, an siosúr agus an rásúir a bhí fite fuaite idir chluasa an Twrch Trwyth, rí Éireannach a d’iompaigh Dia ina thorc fiáin mar gheall ar na drochrudaí a bhí déanta aige. (Dála an scéil Torc Triath a thugtar ar Twrch Trwyth i Leabhar Gabhála Éireann)  Bhí a sheachtar mac in éineacht leis a bhí iompaithe ina mbainbh de thoradh na mallachta.

Iarrann Culhwch cabhair óna chol ceathrar, an Rí Artúr, a bhailíonn na ridirí ab fhearr a bhí aige agus gluaiseann siad leo go hÉirinn.

Ní éiríonn lena bplean in Éirinn agus cuireann siad straidhn buille ar Twrch Trwyth nuair a theipeann orthu luíochán a dhéanamh air. Teitheann sé féin agus a chlann mhac ar ais trasna na farraige chun na Breataine Bige, rud a fhágann go bhfuil Culhwch, Artúr agus a chuid fear sáinnithe agus iad ag comhaireamh a dtaismeach.

Nuair a fhilleann siad ar an mBreatain Bheag faoi dheireadh, feiceann siad go raibh díoltas sciobtha bainte amach ag Twrch Trwyth agus é tar éis  bailte, sráidbhailte agus barraí a chreachadh ar fud na tíre.

content-img

Tagann Culhwch, Arthur agus a arm suas le Twrch Trwyth san áit ar a dtugtar Gleann Amman inniu agus maraítear cúigear dá mhac sula dteitheann sé leis.

Ansin sáinníonn siad Twrch Trwyth agus a bheirt mhac atá fós beo ag béal Abhainn Wye, áit a n-éiríonn leo an siosúr agus an rásúir a sracadh ó chloigeann an toirc agus a bheirt mhac a mharú. Éalaíonn Twrch Trwyth leis arís thar Inbhear  na Sabhrainne agus gluaiseann sé siar ó dheas go Corn na Breataine.

Tagann Twrch Trwyth agus an Rí Arthur le chéile chun cath deireanach a throid ar bharr aille sa tír sin, áit a n-éiríonn le Arthur an chíor a fháil ón torc sula léimeann seisean isteach sa bhfarraige is nach bhfeictear arís é.

Tar éis dó na tascanna go léir a chur i gcrích, tugann athair Olwen cead do Culhwch a iníon a phósadh agus fanann Culhwch dílis di an chuid eile dá shaol.

Má thugann tú cuairt ar Ghleann Amman agus an ceantar máguaird, tabharfaidh tú tagairtí do Twrch Trwyth faoi deara i gcúpla áit. Úsáideann an scoil chuimsitheach áitiúil, Ysgol Dyffryn Aman íomhá toirc ina lógó. Tá sé le feiceáil ar shuaitheantas Chomhairle Baile Ammanford agus ar shuathaintais a gclubanna peile agus rugbaí. Ar an mbealach isteach in Ammanford, feicfidh tú dealbha toirc agus dhá bhanbh déanta de chruach dhosmálta agus de chré-umha. Agus má tharlaíonn sé go mbíonn tú ar an mbaile i mí Mheán Fómhair, b’fhéidir go bhfeicfidh tú Féile bhliantúil an Toirc faoi Gheasa/Gwyl y Twrch Trwyth.

 

Ceangail Cheilteacha

Is breá le muintir na Breataine Bige agus na hÉireann scéal maith. Agus is fearr leo fós é má bhíonn lucht éisteachta acu chun é a roinnt leo. Sin mar a cuireadh ar miotais agus ár bhfinscéalta ba cháiliúla ar aghaidh ó ghlún go glúin, go dtí go raibh sé de chiall ag manaigh fhadbhreathnaitheacha sna meánaoiseacha iad a scríobh síos, agus a chinntiú go mbeadh siad ann do na glúin a bhí le teacht. Tagann scéal Culhwch agus Olwen ó chnuasach aon scéal déag ar a dtugtar an Mabinogion. Breacadh cuid mhaith de mhiotaseolaíocht na hÉireann síos i lámhscríbhinní óna dtagann scéalta cáiliúla mar Oisín agus Tír na nÓg, Cú Chulainn agus Fionn Mac Cumhaill atá á n-insint fós do leanaí na hÉireann.