Naomh Caitliceach ab ea Naomh Colmán Ó Fichra a mhair sa 7ú haois agus a bhunaigh mainistir san áit a bhfuil Eaglais Naomh Colmáin anois i Teampall Seanbhoth i gContae Loch Garman.

Tá tobar naofa suite idir dhá reilig agus bhíodh lochán mór ar an láthair seo a d’fhaigheadh soláthar uisce ón tobar. Ar feadh blianta fada tar éis bhás Naomh Colmáin bhíodh roinnt lachan ina gcónaí ar an lochán agus creidtear go raibh siad faoi choimirce speisialta an naoimh. Bhí grá ag Naomh Colmán d’éin, agus ba iad na lachain ab fhearr leis ar fad. Caitheadh leis na lachain lena a leithéid sin de ghean agus de chneastacht gur éirigh siad an-cheansa agus go dtógfaidís bia go díreach ó lámha na n-oilithreach a thagadh ar chuairt.

De réir an fhinnscéil bhí na lachain faoina leithéid de chosaint nach bhféadfadh aon rud dochar a dhéanamh dóibh - agus ní bhíodh sé de dhánacht ag duine ar bith de mhuintir an tsráidbhailte cur isteach ar oiread is cleite amháin ar a gceann. Mar sin féin, toisc go raibh na lachain chomh ceansa sin, tharlaíodh sé uaireanta nuair a  bhíodh duine ag fáil uisce ón lochán oíche dhorcha go bhfilleadh sé abhaile agus níos mó aige  ná mar a bhíodh sé ag súil leis. Chaithfidís a raibh sa soitheach, an t-éan agus gach rud, isteach i bpota os cionn tine lena fhiuchadh.  Ach ba chuma cén fhaid a dódh an tine, nó cé méid adhmaid a chuirtí leis, d’fhanadh an t-uisce chomh fuar le cloch. Nuair a dhéanfaí an scéal a iniúchadh, d’fheictí an lacha ag snámh timpeall sa phota agus thugtaí ar ais í chun an locháin gan díobháil ná dochar agus ag an bpointe sin thosaíodh an pota ag éirí te agus d’fhiuchadh an t-uisce gan a thuilleadh moille.

content-img

Sa 12ú haois, thaifead Gearailt na Breataine Bige (Giraldus Cambrensis) níos mó de na scéalta faoi lachain ina leabhar Topographia Hibernica (dinnseanchas na hÉireann) a scríobh sé mar chuntas ar a thuras go hÉirinn le John, mac Rí Anraí II. Maítear i scéal amháin den sórt sin dá léireodh aon duine drochmheas ar an Eaglais nó ar an gcléir, nó fiú ar na lachain féin, go n-eitleodh na lachain go léir go loch éigin eile. Ba ghearr go n-éireodh uisce an locháin scamallach, bréan rud a d’fhágfadh nach bhféadfadh daoine é a ól. Chomh luath agus a bhfaighfí amach cé a bhí ciontach agus go ngearrfaí pionós air, d’eitleadh na lachain ar ais chuig an lochán agus a luaithe a d’fhillfidís bheadh an t-uisce glan soiléir agus oiriúnach le hól arís.

 

Ceangail Cheilteacha 

Ní ainmhithe amháin a bhí faoi chosaint speisialta de réir na bhfinscéalta. Sheas Crann Darach Merlin i lár bhaile Caerfyrddin agus dúradh go ndearna draoi an Rí Arthur tuar faoi:

“Nuair a thitfidh crann Merlin, titfidh baile Caerfyrddin."

Fuair an crann bás in 1856 toisc gur nimhíodh é d’aon ghnó. Mar sin féin, d’fhan an stumpa ann go dtí 1978, nuair a scriosadh le tine é. Tharla na tuilte ba mheasa le cuimhne na ndaoine i gCaerfyrddin nuair a tugadh chun siúil é. Comhtharlú - nó fíorú an tuair?

Ar shlí amháin nó ar shlí eile, tá iarsmaí Chrann Darach Merlin á gcaomhnú sa halla cathartha.