D’adhradh na Ceiltigh go leor Déithe, ach mar a bhí i go leor cultúir ársa eile, bhí eagla orthu roimh fhórsaí an oilc. Tá go leor scéalta faoi vaimpírí in Éirinn agus tugtar an Dearg Dua ar cheann de na créatúir is scanrúla díobh. Ciallaíonn an téarma sin ‘Tart Dearg’. Mar sin féin, tá finscéal an Dearg Dua chomh tragóideach agus atá sé scanrúil.

Na céadta bliain ó shin i gceantar ina bhfuil Cathair Phort Láirge anois, bhí cónaí ar bhean óg a raibh a pearsantacht lán chomh hálainn lena héadan.  Thug sí grá a croí d’oibrí feirme agus bhí pleananna déanta acu pósadh. Ar an drochuair, bhíodh cleamhnais  shocraithe an-choitianta ag an am sin, agus ní raibh spéis ag a hathair in aon rud ach airgead. Chuir sé iallach uirthi taoiseach saibhir i bhfad níos sine ná í féin a phósadh mar mhalairt ar airgead agus talamh dó féin.

Fear cruálach ab ea fear céile na mná óige agus chaith sé go dona léi. Choinnigh sé faoi ghlas í i dtúr agus ba bhreá leis í a ghortú chun an fhuil a fheiceáil ar a craiceann bán. Bhí súil aici go dtiocfadh a chéad shearc agus í a tharrtháil, ach ní raibh sé in ann. Faoi dheireadh, bhris a croí agus thosaigh sí ag meath.

content-img

Thóg muintir an bhaile a corpán agus d’adhlaic siad í faoi chrann ar dtabharfaí Crann Strongbow air níos déanaí. Bhí sean-nós in Éirinn ag an am carn ard cloch a chur ar uaigheanna na ndaoine a fuair bás go deireanach chun nach bhféadfaidís éirí arís, ach ar chúis éigin, ní dhearnadh é sin oíche a hadhlactha. Tá daoine ann a deir gur tharla sé sin toisc gur mhothaigh muintir an tsráidbhaile ciontach as gan aon rud a dhéanamh chun í a shábháil óna drochfhear céile.

Rud nach bhféadfadh a bheith ar eolas ag muintir an tsráidbhaile ab ea an chaoi nach raibh an spiorad a d’eascair as an uaigh cothrom bhliain a báis cosúil leis an mbean óg ar tháinig sé óna corpán. Deirtear go raibh a spiorad ar lorg díoltais orthu siúd a scrios ar a saol.

Ar dtús, thug sí cuairt ar theach a hóige. Bhí a hathair ina chodladh ina leaba, phóg sí a bhéal agus shúigh sí an t-aer go léir amach as a chorp. Tháinig sí ar a fear céile agus é sna steallaí meisce ag imeacht go tuisleach abhaile ón teach tábhairne. Nuair a leag sí a béal ar a bhéal ní amháin gur shúigh sí an t-aer óna scamhóga ach shúigh sí an fhuil óna féitheacha freisin.

Tar éis di dúil a chur sa bhfuil théadh spiorad na mná óige sa tóir ar fhir óga, mhealladh sí iad lena háilleacht sula n-ólfadh sí a gcuid fola. Chun iarracht a dhéanamh cosc a chur ar níos mó fear óg a bheith thíos leis an Dearg Dua, thagadh muintir na háite le chéile ar an oíche roimh chothrom a báis agus chuirfeadh siad carraigeacha ar a huaigh ionas nach mbeadh a spiorad in ann éirí.

Faoi mar atá i gcas go leor finscéalta, tá sé deacair a rá cé mhéid de scéal an Dearg Dua atá bunaithe ar dhaoine agus ar imeachtaí réadacha agus cé mhéid a chruthaigh na scéalaithe agus iad ag aithris an scéil ó ghlúin go glúin. Níl aon sonraí ar leith ann faoin áit a bhféadfadh Crann Strongbow a bheith i gCathair Phort Láirge (agus mar sin faoin áit ar adhlacadh an bhean óg). D’áitigh daoine, áfach, go bhfuil an crann i reilig gar do Thúr  Raghnaill agus go bhfuil uaigh ann a bhfuil cairn mór cloch ós a chionn. Fágfaimid fútsa é bleachtaireacht dhéanamh.

 

Ceangail Cheilteacha 

Tá spiorad cosúil le vaimpír le fáil i mbéaloideas na Breataine Bige freisin. Murab ionann agus an Dearg Dua, áfach, bhí cuma an-ghránna ar Gwrach y Rhibyn nó ‘Cailleach Rhibyn’. Chomh maith le rabhadh a thabhairt do dhaoine nach fada uathu a mbás trí bheith ag caoineadh mar bhean sí, dhéanfadh sí ionsaí ar leanaí beaga agus ar dhaoine scothaosta oícheanta lánghealaí, ag ól méideanna beaga dá gcuid fola, rud a d’fhágfadh go mbíodh siad níos laige gach uair a thagadh sí ar ais.