Cuan an Bhriotáis

Cuan an Bhriotáis

Éire Cill Mhantáin

Cuan an Bhriotáis

Tuilleadh eolais a fháil

Ceaptar gur ag Abhainn na dTrí Mhíle i gCuan an Bhriotáis, eiseamláir de thrá fhairsing ar chósta an oirthir, a tháinig Naomh Pádraig i dtír in Éirinn den chéad uair. Níl aon cheann tíre ann chun cur isteach ar rithim réidh na dtonnta a bhriseann ar an ngaineamh ar an stráice 5km seo de thrá atá foirfe le dul ag snámh, ag seoltóireacht nó ag siúl ann. Is áit súgartha breá nádúrtha do leanaí é Cuan an Bhriotáis ar feadh sé seachtaine an tSamhraidh, agus iad in ann rith trí na dumhcha díreach chun na trá. Ach an chuid eile den bhliain, bíonn an trá chomh ciúin le mainistir agus is áit iontach í le seal a chaitheamh ag machnamh leat féin.